+Airteagal 11
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.
|
Airteagal 11
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Faoi réir mhír 3, agus gan dochar do chearta maoine, beidh sé de cheart ag aon soláthraí líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí a líonra a leathadh amach ar a chostas féin go dtí an pointe rochtana.
|
|
Airteagal 11 2.
|
Faoi réir mhír 3, beidh sé de cheart ag aon soláthraí líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí rochtain a fháil ar aon bhonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá ann cheana d’fhonn eilimintí de líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh má tá dúbailt dodhéanta go teicniúil nó neamhéifeachtúil go heacnamaíoch.
|
|
Airteagal 11 3.
|
Aon sealbhóir cirt chun an pointe rochtana agus an bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh a úsáid, comhlíonfaidh sé na hiarrataí réasúnta uile i scríbhinn ar rochtain ar an bpointe rochtana agus ar an mbonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh ó sholáthraithe líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí faoi théarmaí agus coinníollacha cothroma, réasúnta agus neamh-idirdhealaitheacha, lena n-áirítear ó thaobh praghsanna de, i gcás inarb iomchuí. Féadfaidh na Ballstáit ceanglais mhionsonraithe a shonrú maidir le gnéithe riaracháin na hiarrata.
|
|
Airteagal 11 4.
|
In éagmais bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín, beidh sé de cheart ag aon soláthraí líonraí cumarsáide leictreonaí poiblí a líonra a fhoirceannadh ag áitreabh an tsíntiúsóra, faoi réir chomhaontú an úinéara agus/nó an tsíntiúsóra, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus an bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá ann cheana á úsáid aige, a mhéid atá sé ar fáil agus inrochtana faoi mhír 3, agus ar choinníoll go n-íoslaghdaítear an tionchar ar mhaoin phríobháideach tríú páirtithe.
|
|
Airteagal 11 5.
|
Ní dochar an tAirteagal seo do cheart maoine úinéir an phointe rochtana nó an bhonneagair fhisicigh laistigh den fhoirgneamh i gcás nach ionann an sealbhóir cirt an bonneagar nó an pointe rochtana sin a úsáid agus úinéir an bhonneagair nó an phointe rochtana sin, ná do cheart maoine aon tríú páirtí eile, amhail úinéirí talún agus úinéirí foirgneamh.
|
|
Airteagal 11 6.
|
Faoin 12 Samhain 2025, tar éis dul i gcomhairle le geallsealbhóirí, leis na comhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí agus le comhlachtaí nó gníomhaireachtaí inniúla eile de chuid an Aontais sna hearnálacha ábhartha de réir mar is iomchuí, agus tar éis na prionsabail sheanbhunaithe agus an staid ar leith ar fud na mBallstát a chur san áireamh, déanfaidh BEREC, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte a fhoilsiú i dtaca leis na téarmaí agus coinníollacha maidir le rochtain ar bhonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh, lena n-áirítear maidir le cur i bhfeidhm téarmaí agus coinníollacha cothroma agus réasúnta, agus maidir leis na critéir ba cheart do na comhlachtaí náisiúnta um réiteach díospóidí a leanúint agus díospóidí á réiteach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1309
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|