+Airteagal 16
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
|
Airteagal 16
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16 1.
|
Faoin 12 Bealtaine 2028, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh achoimre ar thionchar na mbeart a leagtar amach sa Rialachán seo san áireamh sa tuarascáil chomh maith le measúnú ar an dul chun cinn maidir lena chuspóirí a bhaint amach, lena n-áirítear cé acu a d’fhéadfadh nó nach bhféadfadh an Rialachán seo rannchuidiú a thuilleadh leis na spriocanna nascachta a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/2481 a bhaint amach, agus conas a d’fhéadfadh sé é sin a dhéanamh. Áireofar sa tuarascáil forbairtí a bhaineann le raon feidhme an Rialacháin seo a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an dul chun cinn i dtreo líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh go tapa agus go forleathan i gceantair thuaithe, oileánda agus iargúlta, amhail oileáin agus réigiúin shléibhtiúla agus réigiúin tearcdhaonra, chomh maith le forbairt an mhargaidh le haghaidh bonneagar túr, agus glacadh réiteach éagsúil aisiompair lena n-áirítear aisiompar satailíte i nascacht dhigiteach ardluais.
|
|
Airteagal 16 2.
|
Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún faisnéis a iarraidh ar na Ballstáit, ar faisnéis í a thíolacfar gan moill mhíchuí. Go háirithe, faoin 12 Samhain 2025, déanfaidh na Ballstáit, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, tríd an gCoiste Cumarsáide a bunaíodh faoi Airteagal 118 de Threoir (AE) 2018/1972, táscairí a leagan amach chun faireachán leormhaith a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus an sásra chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí a bhailiú agus a thuairisciú don Choimisiún go tráthrialta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1309
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|