+Airteagal 3
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 3 5.
|
Airteagal 3
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Ní chuirfear táirgí ar an margadh ná i mbun seirbhíse ach amháin má chomhlíonann siad na ceanglais éicidhearthóireachta is infheidhme maidir leis na táirgí sin, a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4.
|
|
Airteagal 3 2.
|
Ní chuirfidh na Ballstáit toirmeasc, srian ná bac ar tháirgí a chomhlíonann na ceanglais feidhmíochta a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse toisc nár comhlíonadh na ceanglais feidhmíochta náisiúnta a bhaineann le paraiméadair tháirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a chumhdaítear leis na ceanglais feidhmíochta a chuimsítear sna gníomhartha tarmligthe sin. Ní chuirfidh na Ballstáit toirmeasc, srian ná bac ar tháirgí a chomhlíonann na ceanglais faisnéise a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse toisc nár comhlíonadh na ceanglais faisnéise náisiúnta a bhaineann le paraiméadair tháirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a chumhdaítear le ceanglais faisnéise a chuimsítear sna ngníomhartha tarmligthe sin.
|
|
Airteagal 3 3.
|
D’ainneoin mhír 2 den Airteagal seo, ní chuirfear bac ar na Ballstáit íoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir (AE) 2024/1275 agus ceanglais chórais a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 8 den Treoir sin.
|
|
Airteagal 3 4.
|
Ní chuirfidh na Ballstáit toirmeasc, srian ná bac ar tháirgí a chur ar an margadh nó a chur i seirbhís ar ina leith a shuitear, le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4(2), nach mbeidh ceanglais feidhmíochta, ceanglais faisnéise ná ceanglais feidhmíochta ná faisnéise le socrú do pharaiméadar tháirge sonrach amháin nó roinnt paraiméadair tháirge shonracha dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, toisc nár comhlíonadh na ceanglais náisiúnta a bhaineann leis na paraiméadair sin.
|
|
Airteagal 3 5.
|
Ag aontaí trádála, taispeántais agus imeachtaí comhchosúla, ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar tháirgí a thaispeáint nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, ar choinníoll go dtabharfar le fios go soiléir, ar chomhartha infheicthe, nach gcomhlíonann na táirgí sin na ceanglais a leagtar amach sna gníomhartha sin ná nach mbeidh siad ar díol go dtí go dtabharfar chun comhréireachta iad.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|