+Airteagal 4 5.
|
Airteagal 4 5.
Sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, forlíonfaidh an Coimisiún an Rialachán seo trí na nósanna imeachta is infheidhme um measúnú comhréireachta a shonrú ó mhodúl A a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo nó ó cheann de mhodúil B go H1 a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE, maille leis na hoiriúnuithe is gá i bhfianaise na gceanglas táirge nó éicidhearthóireachta lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 43 den Rialachán seo. I gcás ina bhfuil modúil éagsúla um measúnú comhréireachta in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 768/2008/CE le húsáid de bhun dlí eile de chuid an Aontais i leith an aon táirge, úsáidfear an modúl dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh an cheanglais éicidhearthóireachta lena mbaineann. Nuair a bhíonn feidhm ag an Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí, maidir le grúpa táirgí ar bhealach atá comhlántach le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú (‘an Rialachán maidir le táirgí foirgníochta’), sonrófar sa ghníomh tarmligthe a ghlactar de bhun mhír 1 an nós imeachta um measúnú comhréireachta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, aon chórais dá bhforáiltear de bhun birt faoin Rialachán maidir le táirgí foirgníochta, agus saintréithe an ghrúpa táirgí, na ceanglais éicidhearthóireachta ábhartha, agus an costas atá le seasamh ag oibreoirí eacnamaíocha, á gcur i gcuntas.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|