+Airteagal 4
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.
---+Airteagal 4 7.

Airteagal 4

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 72 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí cheanglais éicidhearthóireachta a leagan amach. Áireofar sna gníomhartha tarmligthe sin na heilimintí a liostaítear in Airteagal 8 ar a laghad. Leagfar na ceanglais éicidhearthóireachta sin amach i gcomhréir le hAirteagail 5, 6 agus 7 agus le Caibidil III.
Airteagal 4 2.
Áireofar leis an gcumhachtú dá dtagraítear i mír 1 an fhéidearthacht a shuí nach bhfuil ceanglais feidhmíochta, ceanglais faisnéise ná ceanglais feidhmíochta ná faisnéise le leagan amach le haghaidh paraiméadair tháirge áirithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn I i gcás ina mbeadh tionchar diúltach ag ceanglas a bhaineann leis na paraiméadair táirge sonrach sin ar na ceanglais éicidhearthóireachta a bhreithnítear le haghaidh an ghrúpa táirgí lena mbaineann.
Airteagal 4 3.
Ní áireofar leis an gcumhachtú dá dtagraítear i mír 1 an fhéidearthacht gníomh tarmligthe a ghlacadh lena suitear nach bhfuil gá le ceanglais éicidhearthóireachta ar bith le haghaidh grúpa táirgí.
Airteagal 4 4.
Sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 1, tabharfaidh an Coimisiún dóthain ama d’oibreoirí eacnamaíocha na ceanglais éicidhearthóireachta a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe sin a chomhlíonadh, agus riachtanais FBManna, go háirithe micrifhiontar, á gcur i gcuntas go háirithe. Ní bheidh dáta cur i bhfeidhm gnímh tharmligthe níos luaithe ná 18 mí ón uair a thiocfaidh sé i bhfeidhm, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, i gcás an ghnímh ina iomláine nó i gcás ceanglais shonracha áirithe nó cé is moite de chásanna ina ndéantar gníomhartha tarmligthe a aisghairm go páirteach nó a leasú go páirteach ar ina leith a fhéadfar dáta cur i bhfeidhm níos luaithe a shocrú.
Airteagal 4 5.
Sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, forlíonfaidh an Coimisiún an Rialachán seo trí na nósanna imeachta is infheidhme um measúnú comhréireachta a shonrú ó mhodúl A a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo nó ó cheann de mhodúil B go H1 a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE, maille leis na hoiriúnuithe is gá i bhfianaise na gceanglas táirge nó éicidhearthóireachta lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 43 den Rialachán seo.

I gcás ina bhfuil modúil éagsúla um measúnú comhréireachta in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 768/2008/CE le húsáid de bhun dlí eile de chuid an Aontais i leith an aon táirge, úsáidfear an modúl dá bhforáiltear sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh an cheanglais éicidhearthóireachta lena mbaineann.

Nuair a bhíonn feidhm ag an Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí, maidir le grúpa táirgí ar bhealach atá comhlántach le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú (‘an Rialachán maidir le táirgí foirgníochta’), sonrófar sa ghníomh tarmligthe a ghlactar de bhun mhír 1 an nós imeachta um measúnú comhréireachta, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, aon chórais dá bhforáiltear de bhun birt faoin Rialachán maidir le táirgí foirgníochta, agus saintréithe an ghrúpa táirgí, na ceanglais éicidhearthóireachta ábhartha, agus an costas atá le seasamh ag oibreoirí eacnamaíocha, á gcur i gcuntas.

Airteagal 4 6.

Féadfar aon cheann de na ceanglais bhreise seo a leanas a áireamh sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun mhír 1, de réir mar is iomchuí i bhfianaise shainiúlachtaí an ghrúpa táirgí:

(a) 

i gcás inar gá sin chun go bhféadfar faireachas margaidh éifeachtach a dhéanamh:

(i) 

coinneoidh monaróirí, a n-ionadaithe údaraithe nó allmhaireoirí an doiciméadacht theicniúil agus dearbhú comhréireachta AE go ceann tréimhse nach í an tréimhse 10 mbliana dá dtagraítear in Airteagal 27(3), Airteagal 28(2), pointe (a), nó Airteagal 29(7) í, de réir mar is infheidhme, tar éis an táirge ábhartha a bheith curtha ar an margadh nó curtha i seirbhís agus cineál an táirge nó na gceanglas éicidhearthóireachta lena mbaineann á gcur i gcuntas;

(ii) 

soláthróidh oibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin dóibh, an fhaisnéis a leagtar amach in Airteagal 36(2), an dara fomhír, do na húdaráis faireachais margaidh go ceann tréimhse nach í an tréimhse 10 mbliana dá dtagraítear ann í tar éis an táirge ábhartha a bheith soláthartha;

(iii) 

déanfaidh monaróirí, a n-ionadaithe údaraithe nó allmhaireoirí codanna den doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an táirge ábhartha a chur ar fáil go digiteach don Choimisiún nó do na húdaráis faireachais margaidh gan gá a bheith le hiarraidh, i gcomhréir le hAirteagal 36(3);

(iv) 

comhlíonfaidh gníomhaithe sa slabhra soláthair na hoibleagáidí a liostaítear in Airteagal 38.

(b) 

déanfaidh monaróirí, a n-ionadaithe údaraithe nó allmhaireoirí faisnéis ar chainníochtaí táirge a chumhdaítear leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse a chur ar fáil don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 37(1);

(c) 

i gcás inar gá chun úsáid fhuinneamhéifeachtúil táirgí a áirithiú nó chun ceanglais éicidhearthóireachta a fhorbairt don am atá le teacht:

(i) 

beidh táirgí in ann an fuinneamh a ídíonn siad nó a bhfeidhmíocht a thomhas i ndáil le paraiméadair tháirge ábhartha eile dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus iad in úsáid, i gcomhréir le hAirteagal 37(2);

(ii) 

baileoidh monaróirí, a n-ionadaithe údaraithe nó allmhaireoirí sonraí in-úsáide neamhphearsanta dá dtagraítear i bpointe (i), agus tabharfaidh siad tuairisc don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 37(4);

(iii) 

úsáidfear uirlisí digiteacha chun feidhmíocht táirge a ríomh i ndáil le paraiméadar táirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, i gcomhréir le hAirteagal 39(2);

(d) 

chun trédhearcacht a áirithiú maidir le comhréireacht le ceanglais éicidhearthóireachta, rialacha maidir le marcálacha lena léirítear comhréireacht le ceanglais éicidhearthóireachta, maidir le táirgí nach bhfuil faoi réir an cheanglais marcáil CE a ghreamú sula gcuirtear ar an margadh nó i seirbhís iad, i gcomhréir le hAirteagal 47.

Airteagal 4 7.
Ní thiocfaidh an chéad ghníomh tarmligthe atá le glacadh faoin Airteagal seo i bhfeidhm roimh an 19 Iúil 2025.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.