|
+Airteagal 7 2. |
Airteagal 7 2.Maidir leis na ceanglais faisnéise:
(a)
áireofar orthu, ar a laghad, ceanglais a bhaineann leis an bpas táirge digiteach a leagtar amach i gCaibidil III agus ceanglais a bhaineann le substaintí ar ábhar imní iad a leagtar amach i mír 5;
(b)
de réir mar is iomchuí, ceanglófar leo chomh maith go mbeadh na nithe seo a leanas ag gabháil le táirgí:
(i)
faisnéis ar fheidhmíocht an táirge i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na paraiméadair tháirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear scór indeisitheachta, scór marthanachta, lorg carbóin nó lorg comhshaoil;
(ii)
faisnéis do chustaiméirí agus do ghníomhaithe eile ar conas an táirge a shuiteáil, a úsáid, a chothabháil agus a dheisiú, chun a thionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú agus chun an mharthanacht is fearr is féidir a áirithiú, ar conas córais oibriúcháin tríú páirtí a shuiteáil i gcás inarb ábhartha, agus freisin ar bhailiú le haghaidh athchóirithe nó athmhonaraithe, agus ar conas an táirge a thabhairt ar ais nó a láimhseáil ag deireadh na saolré;
(iii)
faisnéis do shaoráidí cóireála ar dhíchóimeáil, athúsáid, athfheistiú, athchúrsáil, nó diúscairt ag deireadh na saolré;
(iv)
faisnéis eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar roghanna táirgí inbhuanaithe do chustaiméirí agus ar an gcaoi a láimhseálann páirtithe seachas an monaróir an táirge chun úsáid iomchuí, oibríochtaí coinneála luacha agus cóireáil cheart ag deireadh na saolré a éascú;
(c)
beidh siad soiléir, sothuigthe agus in oiriúint do shaintréithe ar leith na ngrúpaí táirgí lena mbaineann agus faighteoirí beartaithe na faisnéise. Féadfar ceanglas faisnéise a shocrú maidir le paraiméadar táirge sonrach gan beann ar cibé a shocraítear ceanglas feidhmíochta don pharaiméadar táirge sonrach sin. I gcás ina bhfuil ceanglais chothrománacha éicidhearthóireachta i ngníomh tarmligthe, ní bheidh feidhm ag pointe (a) den mhír seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|