+Airteagal 7
---+Airteagal 7 1.
---+Airteagal 7 2.
---+Airteagal 7 3.
---+Airteagal 7 4.
---+Airteagal 7 5.
---+Airteagal 7 6.
---+Airteagal 7 7.
---+Airteagal 7 8.

Airteagal 7

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 7 1.
Comhlíonfaidh táirgí na ceanglais feidhmíochta a bhaineann leis na gnéithe táirge, mar a leagtar síos sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4.
Airteagal 7 2.

Maidir leis na ceanglais faisnéise:

(a) 

áireofar orthu, ar a laghad, ceanglais a bhaineann leis an bpas táirge digiteach a leagtar amach i gCaibidil III agus ceanglais a bhaineann le substaintí ar ábhar imní iad a leagtar amach i mír 5;

(b) 

de réir mar is iomchuí, ceanglófar leo chomh maith go mbeadh na nithe seo a leanas ag gabháil le táirgí:

(i) 

faisnéis ar fheidhmíocht an táirge i ndáil le ceann amháin nó níos mó de na paraiméadair tháirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, lena n-áirítear scór indeisitheachta, scór marthanachta, lorg carbóin nó lorg comhshaoil;

(ii) 

faisnéis do chustaiméirí agus do ghníomhaithe eile ar conas an táirge a shuiteáil, a úsáid, a chothabháil agus a dheisiú, chun a thionchar ar an gcomhshaol a íoslaghdú agus chun an mharthanacht is fearr is féidir a áirithiú, ar conas córais oibriúcháin tríú páirtí a shuiteáil i gcás inarb ábhartha, agus freisin ar bhailiú le haghaidh athchóirithe nó athmhonaraithe, agus ar conas an táirge a thabhairt ar ais nó a láimhseáil ag deireadh na saolré;

(iii) 

faisnéis do shaoráidí cóireála ar dhíchóimeáil, athúsáid, athfheistiú, athchúrsáil, nó diúscairt ag deireadh na saolré;

(iv) 

faisnéis eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar roghanna táirgí inbhuanaithe do chustaiméirí agus ar an gcaoi a láimhseálann páirtithe seachas an monaróir an táirge chun úsáid iomchuí, oibríochtaí coinneála luacha agus cóireáil cheart ag deireadh na saolré a éascú;

(c) 

beidh siad soiléir, sothuigthe agus in oiriúint do shaintréithe ar leith na ngrúpaí táirgí lena mbaineann agus faighteoirí beartaithe na faisnéise.

Féadfar ceanglas faisnéise a shocrú maidir le paraiméadar táirge sonrach gan beann ar cibé a shocraítear ceanglas feidhmíochta don pharaiméadar táirge sonrach sin.

I gcás ina bhfuil ceanglais chothrománacha éicidhearthóireachta i ngníomh tarmligthe, ní bheidh feidhm ag pointe (a) den mhír seo.

Airteagal 7 3.
Ní bhainfidh na ceanglais faisnéise atá bunaithe ar an bparaiméadar táirge a leagtar amach in Iarscríbhinn I, pointe (f), le lipéadú substaintí nó meascán ar chúiseanna a bhaineann go príomha lena nguaiseacha don tsláinte nó don chomhshaol.
Airteagal 7 4.
Agus na ceanglais faisnéise dá dtagraítear i mír 2, pointe (b) (i), á socrú aige, cinnfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, i bhfianaise shonraíocht an ghrúpa táirgí, na haicmí feidhmíochta.

Féadfaidh an Coimisiún na haicmí feidhmíochta a bhunú ar pharaiméadair aonair nó ar scóir chomhiomlánaithe. Féadfar na haicmí feidhmíochta sin a shloinneadh i ndearbhthéarmaí nó in aon fhoirm eile lena gcuirtear ar chumas custaiméirí ionchasacha na táirgí is fearr feidhmíocht a roghnú.

Comhfhreagróidh na haicmí feidhmíochta sin d’fheabhsuithe suntasacha ar na leibhéil feidhmíochta.

I gcás ina bhfuil aicmí feidhmíochta bunaithe ar pharaiméadair a shocraítear ceanglais feidhmíochta ina leith, comhfhreagróidh an aicme is ísle don fheidhmíocht íosta is gá tráth a thosóidh na haicmí feidhmíochta d’fheidhm a bheith acu.

Airteagal 7 5.

Mura bhforáiltear a mhalairt faoi mhír 6, pointe (b), leis na ceanglais faisnéise beidh sé indéanta na substaintí ar ábhar imní iad a rianú, i rith shaolré na dtáirgí lena mbaineann, mura rud é gur féidir rianú den sórt sin a dhéanamh cheana de bhun ceanglais faisnéise a leagtar síos i ngníomh tarmligthe eile a ghlactar de bhun Airteagal 4 lena gcumhdaítear na táirgí lena mbaineann, agus áireofar orthu na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a) 

ainm nó cód uimhriúil na substaintí ar ábhar imní iad atá sa táirge, mar seo a leanas:

(i) 

ainm in ainmníocht Aontas Idirnáisiúnta na Glan-Cheimice agus na Ceimice Feidhmí (IUPAC), nó ainm idirnáisiúnta eile nuair nach bhfuil ainm IUPAC ar fáil;

(ii) 

ainmneacha eile, lena n-áirítear gnáthainm, trádainm, giorrúchán;

(iii) 

uimhir an Chomhphobail Eorpaigh (CE), mar a léirítear san Fhardal Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha Tráchtálacha Reatha (EINECS), sa Liosta Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha ►C2  dá dtugtar fógra ◄ (ELINCS) nó sa Liosta Substaintí nach Polaiméirí iad a Thuilleadh (NLP) nó an uimhir arna sannadh ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA), má tá sí ar fáil agus más iomchuí;

(iv) 

ainm agus uimhir Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha (CAS), má tá siad ar fáil;

(b) 

suíomh na substaintí ar ábhar imní iad laistigh den táirge;

(c) 

tiúchan, uastiúchan nó raon tiúchana na substaintí ar ábhar imní iad, ar leibhéal an táirge, a chomhpháirteanna ábhartha, nó a pháirteanna spártha;

(d) 

treoracha ábhartha maidir leis an táirge a úsáid go sábháilte;

(e) 

faisnéis is ábhartha do dhíchóimeáil, ullmhú le haghaidh athúsáide, athúsáid, athchúrsáil agus bainistiú neamhdhíobhálach don chomhshaol ar an táirge ag deireadh a shaolré.

Féadfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí i gcás an ghrúpa táirgí lena mbaineann, tairseacha a leagan síos do cá huair atá feidhm le bheith ag an gceanglas faisnéise maidir le substaintí ar ábhar imní iad.

Airteagal 7 6.

I gcás ina leagann an Coimisiún amach ceanglais faisnéise i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, déanfaidh sé an méid seo a leanas, i gcás inarb ábhartha:

(a) 

dátaí theacht i bhfeidhm ceanglas faisnéise den sórt sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 5 a leagan síos, agus idirdhealú á dhéanamh idir substaintí ar ábhar imní iad aige i gcás inar gá;

(b) 

díolúintí cuí-réasúnaithe a sholáthar le haghaidh substaintí ar ábhar imní iad nó eilimintí faisnéise ó cheanglais faisnéise den sórt sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 5, bunaithe ar a indéanta atá sé go teicniúil nó a ábhartha atá sé na substaintí ar ábhar imní iad a rianú, ar mhodhanna anailíseacha a bheith ann chun iad a bhrath agus a chainníochtú, ar an ngá atá le faisnéis rúnda ghnó a chosaint nó i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo; substaintí ar ábhar imní iad de réir bhrí Airteagal 2(27), pointe (a), ní dhíolmhófar iad má tá siad i dtáirgí, ina gcomhpháirteanna ábhartha nó ina bpáirteanna spártha ábhartha i dtiúchan is mó ná meáchan 0,1  % de réir meáchain; agus

(c) 

comhsheasmhacht leis na ceanglais faisnéise atá ann cheana faoi dhlí an Aontais a áirithiú agus an t-ualach riaracháin a íoslaghdú, lena n-áirítear trí réitigh theicniúla iomchuí.

Airteagal 7 7.

Tabharfar le fios leis na ceanglais faisnéise an chaoi a bhfuil an fhaisnéis riachtanach le cur ar fáil. I gcás ina mbíonn pas táirge digiteach ar fáil, soláthrófar an fhaisnéis is gá ann agus, i gcás inar gá, soláthrófar í ar cheann amháin nó níos mó de na bealaí seo a leanas:

(a) 

ar an táirge féin;

(b) 

ar phacáistíocht an táirge;

(c) 

ar lipéad dá dtagraítear in Airteagal 16;

(d) 

i lámhleabhar úsáideora nó i ndoiciméadacht eile a ghabhann leis an táirge;

(e) 

ar shuíomh gréasáin nó ar fheidhmchlár a bhfuil rochtain saor in aisce air.

Tabharfar faisnéis a fhágann gur féidir substaintí ar ábhar imní iad a rianú de bhun mhír 5 ar an táirge nó beidh sí inrochtana trí iompróir sonraí atá ar áireamh ar an táirge.

Airteagal 7 8.
An fhaisnéis atá le soláthar de bhun ceanglais faisnéise, soláthrófar í i dteanga is féidir leis na custaiméirí a thuiscint gan stró, de réir mar a chinnfidh an Ballstát ina bhfuil an táirge le cur ar fáil ar an margadh nó le cur i mbun seirbhíse.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.