|
+Airteagal 10 1. |
Airteagal 10 1.Comhlíonfaidh pas táirge digiteach na ceanglais shár-riachtanacha seo a leanas:
(a)
beidh sé nasctha le haitheantóir táirge uathúil leanúnach trí iompróir sonraí;
(b)
beidh an t-iompróir sonraí i láthair go fisiceach ar an táirge, ar a phacáistíocht nó ar dhoiciméadacht a ghabhann leis an táirge, mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4;
(c)
comhlíonfaidh an t-iompróir sonraí agus an t-aitheantóir uathúil ceann amháin nó níos mó de na caighdeáin dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, an dara mír, nó caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta choibhéiseacha go dtí go ndéanfar tagairtí caighdeán comhchuibhithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
(d)
beidh na sonraí uile a chuimsítear sa phas táirge digiteach bunaithe ar chaighdeáin oscailte, forbrófar í de réir formáid idir-inoibritheach, agus beidh sí, de réir mar is iomchuí, inléite ag meaisín, struchtúrtha, inchuardaithe, agus inaistrithe trí ghréasán malartaithe sonraí idir-inoibritheach oscailte gan gaibhniú díoltóirí, i gcomhréir leis na ceanglais shár-riachtanacha a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 11;
(e)
ní dhéanfar sonraí pearsanta a bhaineann leis na custaiméirí a stóráil sa phas táirge digiteach gan a dtoiliú sainráite i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/679;
(f)
na sonraí a áirítear sa phas táirge digiteach, déanfar tagairt do mhúnla, baisc nó ítim an táirge, mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4;
(g)
déanfar an rochtain ar na sonraí a airítear sa phas táirge digiteach a rialú i gcomhréir leis na ceanglais shár-riachtanacha a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 11 agus leis na cearta rochtana sonracha ar leibhéal an ghrúpa táirgí mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 72 chun Iarscríbhinn III, an chéad mhír, pointe (c) agus an dara mír a leasú i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil agus eolaíoch trí na caighdeáin a ionadú nó trí chaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta eile a chur leo a mbeadh na hiompróirí sonraí, na haitheantóirí oibreora uathúla agus na haitheantóirí saoráide uathúla, le comhlíonadh chun na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo a chomhlíonadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|