+Airteagal 10
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
|
Airteagal 10
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Comhlíonfaidh pas táirge digiteach na ceanglais shár-riachtanacha seo a leanas:
(a)
beidh sé nasctha le haitheantóir táirge uathúil leanúnach trí iompróir sonraí;
(b)
beidh an t-iompróir sonraí i láthair go fisiceach ar an táirge, ar a phacáistíocht nó ar dhoiciméadacht a ghabhann leis an táirge, mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4;
(c)
comhlíonfaidh an t-iompróir sonraí agus an t-aitheantóir uathúil ceann amháin nó níos mó de na caighdeáin dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, an dara mír, nó caighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta choibhéiseacha go dtí go ndéanfar tagairtí caighdeán comhchuibhithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
(d)
beidh na sonraí uile a chuimsítear sa phas táirge digiteach bunaithe ar chaighdeáin oscailte, forbrófar í de réir formáid idir-inoibritheach, agus beidh sí, de réir mar is iomchuí, inléite ag meaisín, struchtúrtha, inchuardaithe, agus inaistrithe trí ghréasán malartaithe sonraí idir-inoibritheach oscailte gan gaibhniú díoltóirí, i gcomhréir leis na ceanglais shár-riachtanacha a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 11;
(e)
ní dhéanfar sonraí pearsanta a bhaineann leis na custaiméirí a stóráil sa phas táirge digiteach gan a dtoiliú sainráite i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2016/679;
(f)
na sonraí a áirítear sa phas táirge digiteach, déanfar tagairt do mhúnla, baisc nó ítim an táirge, mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4;
(g)
déanfar an rochtain ar na sonraí a airítear sa phas táirge digiteach a rialú i gcomhréir leis na ceanglais shár-riachtanacha a leagtar amach san Airteagal seo agus in Airteagal 11 agus leis na cearta rochtana sonracha ar leibhéal an ghrúpa táirgí mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 72 chun Iarscríbhinn III, an chéad mhír, pointe (c) agus an dara mír a leasú i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil agus eolaíoch trí na caighdeáin a ionadú nó trí chaighdeáin Eorpacha nó idirnáisiúnta eile a chur leo a mbeadh na hiompróirí sonraí, na haitheantóirí oibreora uathúla agus na haitheantóirí saoráide uathúla, le comhlíonadh chun na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 10 2.
|
I gcás ina gceanglaítear le dlí eile de chuid an Aontais go ndéanfaí sonraí sonracha a chuimsiú sa phas táirge digiteach, nó i gcás ina gceadaítear le reachtaíocht eile de chuid an Aontais sonraí sonracha a chuimsiú sa phas táirge digiteach, féadfar na sonraí sin a chuimsiú sa phas táirge digiteach de bhun an ghnímh tharmligthe is infheidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 4.
|
|
Airteagal 10 3.
|
Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuireann an táirge ar an margadh an méid seo a leanas:
(a)
cóip dhigiteach den iompróir sonraí nó den aitheantóir táirge uathúil a sholáthar do dhéileálaithe agus do sholáthraithe margaí ar líne, de réir mar is ábhartha, ionas go mbeidh siad in ann an t-iompróir sonraí nó an t-aitheantóir táirge uathúil a dhéanamh inrochtana do chustaiméirí ionchasacha i gcás nach féidir leo rochtain a fháil ar an táirge go fisiceach;
(b)
an chóip dhigiteach dá dtagraítear i bpointe (a) nó nasc leathanaigh gréasáin a sholáthar saor in aisce go pras agus in aon chás laistigh de chúig lá oibre tar éis iarraidh a fháil é sin a dhéanamh.
|
|
Airteagal 10 4.
|
Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch, agus an táirge á chur ar an margadh aige, cóip chúltaca den phas táirge digiteach a chur ar fáil trí sholáthraí seirbhíse pas táirge digiteach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|