+Airteagal 13
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 13 5.
---+Airteagal 13 6.
|
Airteagal 13
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
Faoin 19 Iúil 2026, déanfaidh an Coimisiún clárlann dhigiteach (‘an chlárlann’) a chur ar bun ina stórálfar, ar bhealach slán, an t-aitheantóir táirge uathúil, an t-aitheantóir oibreora uathúil agus na haitheantóirí saoráide uathúla, ar a laghad. Déanfaidh an Coimisiún an chlárlann a bhainistiú. I gcás táirgí a bheartaítear a chur faoin nós imeachta custaim ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’, stórálfaidh an chlárlann cód tráchtearra an táirge freisin. Déanfaidh an chlárlann aitheantóirí uathúla sin le haghaidh ceallraí dá dtagraítear in Airteagal 77(3) de Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a stóráil freisin (
4
). Bainisteoidh an Coimisiún an chlárlann agus áiritheoidh sé go ndéanfar na sonraí atá stóráilte sa chlárlann a phróiseáil go slán agus i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta.
|
|
Airteagal 13 2.
|
Sonróidh an Coimisiún, sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, aon sonraí eile a bheidh, sa bhreis ar a bheith áirithe sa phas táirge digiteach, le stóráil sa chlárlann, agus na critéir seo a leanas ar a laghad á gcur i gcuntas:
(a)
an gá atá ann a fhágáil gur féidir barántúlacht an phas táirge digiteach a fhíorú;
(b)
a ábhartha atá an fhaisnéis i ndáil le feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtacht seiceálacha faireachais margaidh agus rialuithe custaim;
(c)
an gá atá ann ualach díréireach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha agus údaráis chustaim a sheachaint.
|
|
Airteagal 13 3.
|
I ndáil leis an bhfreagracht atá air an chlárlann a chur ar bun agus a bhainistiú agus aon sonraí pearsanta a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar an ngníomhaíocht sin a phróiseáil, measfar gur rialaitheoir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (AE) 2018/1725, é an Coimisiún.
|
|
Airteagal 13 4.
|
Déanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch a chuireann an táirge ar an margadh nó i mbun seirbhíse na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a uaslódáil sa chlárlann.
|
|
Airteagal 13 5.
|
Tráth a dhéanann an t-oibreoir eacnamaíoch na sonraí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a uaslódáil sa chlárlann, déanfaidh an chlárlann aitheantóir clárúcháin uathúil a bhaineann leis na trí aitheantóir uathúil arna n-uaslódáil sa chlárlann le haghaidh táirge sonrach a chur in iúl go huathoibríoch don oibreoir eacnamaíoch de bhun mhír 4. Ní mheasfar an chumarsáid sin ón gclárlann a bheith ina cruthúnas ar chomhlíontacht leis an Rialachán seo ná le dlí de chuid an Aontais. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena sonrófar na socruithe cur chun feidhme don chlárlann, lena n-áirítear an t-aitheantóir uathúil clárúcháin dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur in iúl. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 73(3).
|
|
Airteagal 13 6.
|
Beidh rochtain ag an gCoimisiún, ag na húdaráis náisiúnta inniúla agus ag na húdaráis chustaim ar an gclárlann chun a ndualgais a chomhlíonadh de bhun dhlí an Aontais.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|