+Airteagal 15
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 15 5.
|
Airteagal 15
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1.
|
Aon duine a bheartaíonn táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 a chur isteach faoin nós imeachta custaim ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’, soláthróidh sé aitheantóir clárúcháin uathúil an táirge sin dá dtagraítear in Airteagal 13(5) do na húdaráis chustaim, nó cuirfidh sé ar fáil do na húdaráis chustaim é. Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo ón uair a bheidh an chlárlann oibríochtúil.
|
|
Airteagal 15 2.
|
Ní fhéadfaidh na húdaráis chustaim táirge a scaoileadh i saorchúrsaíocht ach amháin tar éis dóibh a fhíorú gurb amhlaidh, ar a laghad, a chomhfhreagraíonn an t-aitheantóir clárúcháin uathúil dá dtagraítear in Airteagal 13(5) agus an cód tráchtearra arna soláthar nó arna gcur ar fáil dóibh do na sonraí atá stóráilte sa chlárlann. Déanfar an fíorú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo go leictreonach agus go huathoibríoch tríd an idirnasc dá dtagraítear i mír 3. Beidh feidhm aige ón uair a bheidh an t-idirnasc oibríochtúil. Ní mheasfar an scaoileadh i saorchúrsaíocht a bheith ina chruthúnas ar chomhlíontacht leis an Rialachán seo ná le dlí eile de chuid an Aontais.
|
|
Airteagal 15 3.
|
Déanfaidh an Coimisiún an chlárlann a idirnascadh le Córas Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam (CSW-CERTEX AE), rud a fhágfaidh go bhféadfar faisnéis a mhalartú go huathoibríoch leis na córais chustaim náisiúnta trí Thimpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam arna bhunú le Rialachán (AE) 2022/2399. Beidh an t-idirnasc sin oibríochtúil laistigh de 4 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 13(5).
|
|
Airteagal 15 4.
|
Féadfaidh an Coimisiún agus na húdaráis chustaim na sonraí a áirítear sa phas táirge digiteach agus sa chlárlann a aisghabháil agus a úsáid chun a ndualgais a dhéanamh de bhun dhlí an Aontais, lena n-áirítear maidir le bainistiú riosca, rialuithe custaim agus scaoileadh i saorchúrsaíocht i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
|
|
Airteagal 15 5.
|
Tá an tAirteagal seo gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus do Chaibidil VII de Rialachán (AE) 2019/1020 agus d’aon dlí eile de chuid an Aontais.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|