|
+Airteagal 21 2. |
Airteagal 21 2.Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa bheart féinrialála a thíolacfar de bhun mhír 1:
(a)
liosta de na hoibreoirí eacnamaíocha ar sínitheoirí leis an mbeart féinrialála iad;
(b)
na ceanglais éicidhearthóireachta is infheidhme maidir le táirgí a chumhdaítear leis an mbeart féinrialála;
(c)
plean faireacháin mionsonraithe trédhearcach oibiachtúil, ina mbeidh freagrachtaí arna sainaithint go soiléir ar chigirí tionscail agus cigirí neamhspleácha, agus lena n-áirítear na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, pointe 6;
(d)
rialacha maidir leis an bhfaisnéis atá le tuairisciú ag sínitheoirí agus maidir le tástáil agus cigireachtaí;
(e)
rialacha maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann le neamhchomhlíonadh sínitheora lena n-áirítear forálacha lena ndéantar, mura ndearna an sínitheoir gníomhaíocht cheartaitheach leordhóthanach laistigh de 3 mhí, an sínitheoir a bhaint de shínitheoirí an bhirt féinrialála sin; agus
(f)
nóta ina mínítear an chaoi a gcuireann an beart féinrialála a thíolactar de bhun mhír 1 feabhas ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo ar bhealach níos tapúla nó ar chostas níos lú ná mar a dhéantar le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4; tacófar leis an nóta sin le fianaise, ina mbeidh anailís struchtúrtha theicniúil, chomhshaoil agus eacnamaíoch, lena dtabharfar údar cuí do cheanglais agus do chuspóirí éicidhearthóireacht an bhirt féinrialála, agus lena ndéanfar measúnú ar thionchair na gceanglas éicidhearthóireachta sin Coinneoidh sínitheoirí an bhirt féinrialála an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo cothrom le dáta agus ar fáil ar shuíomh gréasáin a bhfuil rochtain ag an bpobal air agus a bhfuil rochtain gan bhac air. Tabharfaidh sínitheoirí an bhirt féinrialála fógra don Choimisiún, gan mhoill, faoi aon athruithe ar an mbeart féinrialála, go háirithe faoi aon athruithe a bhaineann leo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|