+Airteagal 21
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.
---+Airteagal 21 5.
---+Airteagal 21 6.

Airteagal 21

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 21 1.
Féadfaidh oibreoirí eacnamaíocha beart féinrialála a chur faoi bhráid an Choimisiúin lena socraítear ceanglais éicidhearthóireachta maidir le táirgí nach dtagann faoi raon feidhme gnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 nó nach n-áirítear sa phlean oibre. Cuirfidh na hoibreoirí sin fianaise ar fáil go gcomhlíontar na critéir dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.
Airteagal 21 2.

Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa bheart féinrialála a thíolacfar de bhun mhír 1:

(a) 

liosta de na hoibreoirí eacnamaíocha ar sínitheoirí leis an mbeart féinrialála iad;

(b) 

na ceanglais éicidhearthóireachta is infheidhme maidir le táirgí a chumhdaítear leis an mbeart féinrialála;

(c) 

plean faireacháin mionsonraithe trédhearcach oibiachtúil, ina mbeidh freagrachtaí arna sainaithint go soiléir ar chigirí tionscail agus cigirí neamhspleácha, agus lena n-áirítear na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn VI, pointe 6;

(d) 

rialacha maidir leis an bhfaisnéis atá le tuairisciú ag sínitheoirí agus maidir le tástáil agus cigireachtaí;

(e) 

rialacha maidir leis na hiarmhairtí a bhaineann le neamhchomhlíonadh sínitheora lena n-áirítear forálacha lena ndéantar, mura ndearna an sínitheoir gníomhaíocht cheartaitheach leordhóthanach laistigh de 3 mhí, an sínitheoir a bhaint de shínitheoirí an bhirt féinrialála sin; agus

(f) 

nóta ina mínítear an chaoi a gcuireann an beart féinrialála a thíolactar de bhun mhír 1 feabhas ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo ar bhealach níos tapúla nó ar chostas níos lú ná mar a dhéantar le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4; tacófar leis an nóta sin le fianaise, ina mbeidh anailís struchtúrtha theicniúil, chomhshaoil agus eacnamaíoch, lena dtabharfar údar cuí do cheanglais agus do chuspóirí éicidhearthóireacht an bhirt féinrialála, agus lena ndéanfar measúnú ar thionchair na gceanglas éicidhearthóireachta sin

Coinneoidh sínitheoirí an bhirt féinrialála an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo cothrom le dáta agus ar fáil ar shuíomh gréasáin a bhfuil rochtain ag an bpobal air agus a bhfuil rochtain gan bhac air.

Tabharfaidh sínitheoirí an bhirt féinrialála fógra don Choimisiún, gan mhoill, faoi aon athruithe ar an mbeart féinrialála, go háirithe faoi aon athruithe a bhaineann leo.

Airteagal 21 3.

Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an mbeart féinrialála a thíolactar agus, i gcás inar gá, lorgóidh sé comhairle eolaíoch ar ghníomhaireachtaí díláraithe an Aontais. Fíoróidh an Coimisiún, sa mheasúnú, an gcomhlíontar nó nach gcomhlíontar na critéir seo a leanas:

(a) 

dhá oibreoir eacnamaíocha ar a laghad a thíolacann an beart féinrialála;

(b) 

an sciar den mhargadh ó thaobh mhéid shínitheoirí an bhirt féinrialála de i ndáil leis na táirgí a chumhdaítear leis an mbeart sin, is ionann é agus 80 % ar a laghad de na haonaid a chuirtear ar an margadh nó i seirbhís;

(c) 

cuireann an beart féinrialála le feabhas a chur ar inbhuanaitheacht comhshaoil táirgí i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo agus le saorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach a áirithiú níos tapúla nó ar chostas níos lú ná gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 agus is éard atá sa bheart ceanglais éicidhearthóireachta a bhfuil gá leo chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach;

(d) 

comhlíonann an beart féinrialála na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn VI;

(e) 

tá an beart féinrialála i gcomhréir le dlí an Aontais agus le gealltanais trádála idirnáisiúnta an Aontais.

Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina mbeidh liosta de bhearta féinrialála a chomhlíonann critéir an Airteagail seo. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 73(2).

Airteagal 21 4.
Féadfaidh an Coimisiún, ag aon tráth, a iarraidh ar shínitheoirí birt féinrialála arna liostú i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3, an dara fomhír, leagan athbhreithnithe agus nuashonraithe den bheart sin a thíolacadh, laistigh de thréimhse ama iomchuí, i bhfianaise forbairtí ábhartha margaidh nó teicneolaíochta a bhaineann leis an ngrúpa táirgí lena mbaineann. I gcás ina mbeidh cúis ag an gCoimisiún lena chreidiúint nach bhfuil na critéir a leagtar amach san Airteagal seo á gcomhlíonadh a thuilleadh, déanfaidh na sínitheoirí leagan athbhreithnithe agus nuashonraithe den bheart sin a thíolacadh laistigh de 3 mhí ón iarraidh a dhéanfaidh an Coimisiún.
Airteagal 21 5.
A luaithe a liostófar beart féinrialála i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun mhír 3, an dara fomhír, tuairisceoidh sínitheoirí an bhirt sin don Choimisiún go tráthrialta, de réir mar a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme sin, maidir leis an dul chun cinn arna dhéanamh i dtreo chuspóirí an bhirt féinrialála a bhaint amach agus chun a léiriú go bhfuil na critéir a leagtar amach i mír 3 á gcomhlíonadh i gcónaí.

Tabharfaidh an cigire neamhspleách, dá dtagraítear i bpointe 6 d’Iarscríbhinn VI, fógra don Choimisiún maidir le neamhchomhlíonadh sínitheora.

Déanfaidh na sínitheoirí tuarascálacha ar dhul chun cinn, lena n-áirítear tuarascálacha ar chomhlíonadh arna ndéanamh ag an gcigire neamhspleách, agus fógraí maidir le neamhchomhlíonadh agus gníomhaíocht cheartaitheach chomhfhreagrach a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin a mbeidh rochtain ag an bpobal air.

Airteagal 21 6.
I gcás ina measann an Coimisiún nach gcomhlíonann beart féinrialála a liostaítear i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3, an dara fomhír, na critéir a leagtar amach san Airteagal seo a thuilleadh nó i gcás nár chomhlíon sínitheoirí an bhirt féinrialála lena mbaineann an sprioc-am dá dtagraítear i mír 4, scriosfaidh sé an beart sin ón liosta dá dtagraítear i mír 3 trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 73(2).

I gcás inar scriosadh beart féinrialála ón liosta dá dtagraítear i mír 3, féadfaidh an Coimisiún ceanglais éicidhearthóireachta is infheidhme maidir leis an táirge a chumhdaítear leis an mbeart féinrialála sin a shocrú i ngníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.