+Airteagal 35
---+Airteagal 35 1.
---+Airteagal 35 2.
---+Airteagal 35 3.

Airteagal 35

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 35 1.
Beidh feidhm ag na hoibleagáidí ginearálta dá bhforáiltear in Airteagail 11 agus 30 de Rialachán (AE) 2022/2065 chun críocha an Rialacháin seo.

Gan dochar do na hoibleagáidí ginearálta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, comhoibreoidh soláthraithe margaí ar líne leis na húdaráis faireachais margaidh, arna iarraidh sin do na húdaráis sin agus i gcásanna sonracha, chun éascú a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht a dhéanfar chun deireadh a chur le neamhchomhlíonadh táirge a thairgtear nó a tairgeadh lena dhíol ar líne trína gcuid seirbhísí, nó chun an neamhchomhlíonadh a mhaolú mura féidir é sin a dhéanamh.

Airteagal 35 2.
A mhéid a bhaineann leis na cumhachtaí a thugann na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1020, tabharfaidh na Ballstáit de chumhacht do na húdaráis faireachais margaidh, i ndáil leis na táirgí uile a chumhdaítear le gníomh tarmligthe ábhartha arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, a ordú do sholáthraí margadh ar líne gníomhú in aghaidh ceann amháin nó níos mó de mhíreanna sonracha inneachair a thagraíonn do tháirge neamhchomhlíontach, lena n-áirítear trína bhaint. Measfar gur ábhar neamhdhleathach é an t-ábhar sin de réir bhrí Airteagal 3, pointe (h) de Rialachán (AE) 2022/2065. Féadfaidh údaráis faireachais margaidh, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2022/2065, na horduithe sin a eisiúint.
Airteagal 35 3.
Bunóidh soláthraithe margaí ar líne pointe teagmhála aonair chun críocha teagmháil dhíreach a dhéanamh le húdaráis faireachais margaidh na mBallstát maidir le comhlíonadh an Rialacháin seo.

Féadfaidh gurb é sin an pointe teagmhála aonair an pointe teagmhála céanna dá dtagraítear in Airteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) nó in Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2022/2065.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.