+Airteagal 36
---+Airteagal 36 1.
---+Airteagal 36 2.
---+Airteagal 36 3.

Airteagal 36

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 36 1.

Nuair a dhéantar táirge a chumhdaítear le gníomh tarmligthe a glacadh de bhun Airteagal 4 a chur ar fáil ar an margadh trí chiandíolachán, áiritheoidh oibreoirí eacnamaíocha go léireoidh an tairiscint táirge an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad go soiléir agus go feiceálach:

(a) 

ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe an mhonaróra, mar aon leis an seoladh poist agus an seoladh leictreonach lenar féidir teagmháil a dhéanamh leis an monaróir;

(b) 

i gcás nach bhfuil an monaróir bunaithe san Aontas, ainm, seoladh poist agus seoladh leictreonach agus uimhir theileafóin an oibreora eacnamaíoch atá bunaithe san Aontas de réir bhrí Airteagal 4(2) de Rialachán (AE) 2019/1020; agus

(c) 

faisnéis lenar féidir an táirge a shainaithint, lena n-áirítear pictiúr de, a chineál agus aon aitheantóir táirge eile.

Airteagal 36 2.

Soláthróidh oibreoirí eacnamaíocha, arna iarraidh sin orthu go réasúnaithe, an méid seo a leanas do na húdaráis faireachais margaidh:

(a) 

ainm aon oibreora eacnamaíoch a sholáthair táirge dóibh a thagann faoi raon feidhme gnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4;

(b) 

ainm aon oibreora eacnamaíoch ar sholáthair siad táirgí den sórt sin dó, mar aon leis na cainníochtaí agus múnlaí beachta na dtáirgí sin.

Áiritheoidh oibreoirí eacnamaíocha go mbeidh siad in ann an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur ar fáil go ceann 10 mbliana ón uair a sholáthraítear na táirgí ábhartha dóibh agus go ceann 10 mbliana tar éis dóibh na táirgí sin a sholáthar, mura rud é go sonraítear tréimhse dhifriúil sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1. Soláthrófar an fhaisnéis sin ar páipéar nó i bhfoirm leictreonach, laistigh de 15 lá ón uair a fhaightear iarraidh ón údarás faireachais margaidh.

Airteagal 36 3.

Agus ceangal á chur ar mhonaróirí, ar a n-ionadaithe údaraithe nó ar allmhaireoirí codanna den doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an táirge ábhartha a chur ar fáil go digiteach de bhun Airteagal 4(6), pointe (a)(iii), cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:

(a) 

an gá le héascú d’údaráis faireachais margaidh a fhíorú go bhfuil na ceanglais is infheidhme á gcomhlíonadh ag monaróirí, ag a n-ionadaithe údaraithe agus ag a n-allmhaireoirí; agus

(b) 

an gá le hualach díréireach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a sheachaint, go háirithe i gcás FBManna.

Is é an Coimisiún a shonróidh an bealach ina mbeidh na codanna ábhartha den doiciméadacht theicniúil le cur ar fáil. I gcás ina mbeidh an pas táirge digiteach ar fáil, cuirfear doiciméadacht theicniúil ar fáil tríd.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.