+Airteagal 40
---+Airteagal 40 1.
---+Airteagal 40 2.
---+Airteagal 40 3.
---+Airteagal 40 4.
---+Airteagal 40 5.

Airteagal 40

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 40 1.
Ní ghabhfaidh oibreoirí eacnamaíocha d’aon iompraíocht a bhaineann an bonn de chomhlíontacht táirgí leis an Rialachán seo, is cuma an de chineál conarthach, tráchtála, teicniúil nó de chineál eile an iompraíocht sin.
Airteagal 40 2.
Ní dhéanfar táirgí a thagann faoi raon feidhme gnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 a chur ar an margadh ná i mbun seirbhíse más rud é go ndeartar iad chun a n-iompraíocht nó a n-airíonna a athrú nuair a dhéantar tástáil orthu ar mhaithe le toradh níos fabhraí a bhaint amach d’aon cheann de na paraiméadair tháirge a rialaítear sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4.

Chun críocha na míre seo, táirgí a dheartar sa chaoi gur féidir leo a bhrath go bhfuil tástáil á déanamh orthu agus a athraíonn go huathoibríoch a bhfeidhmíocht mar fhreagairt air sin agus táirgí atá réamhshocraithe chun a bhfeidhmíocht a athrú tráth na tástála, measfar gur táirgí iad a dearadh chun a n-iompraíocht nó a n-airíonna a athrú nuair a dhéantar tástáil orthu.

Airteagal 40 3.
Ní dhéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha a chuireann táirge ar an margadh nó i seirbhís a chumhdaítear le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 treoracha sonracha a fhorordú maidir le tástáil a athraíonn iompraíocht nó airíonna táirgí chun toradh níos fabhraí a bhaint amach le haghaidh aon cheann de na paraiméadair tháirge a rialaítear sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4.

Chun críocha na míre seo, treoracha as a dtiocfaidh athrú de láimh ar an táirge, sula ndéanfar tástáil, lena n-athraítear feidhmíocht an táirge, measfar gur treoracha iad a bhaineann go sonrach le tástáil a dhéanamh a athraíonn iompraíocht nó airíonna an táirge.

Airteagal 40 4.
Ní dhéanfar táirgí a thagann faoi raon feidhme gnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 a chur ar an margadh ná i seirbhís má dheartar iad chun a n-iompraíocht nó a n-airíonna a athrú laistigh de thréimhse ghearr tar éis iad a bheith curtha i seirbhís, rud a fhágann go mbeidh a bhfeidhmíocht níos measa i ndáil le haon cheann de na paraiméadair tháirge a rialaítear le gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4, nó lena bhfeidhmíocht fheidhmiúil ó thaobh an úsáideora de.
Airteagal 40 5.
Ní fhágfaidh nuashonruithe ar bhogearraí nó dochtearraí go mbeidh feidhmíocht an táirge níos measa ná na corrlaigh inghlactha a shonraítear sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4 i ndáil le haon cheann de na paraiméadair tháirge arna rialú sna gníomhartha tarmligthe sin nó i ndáil leis an bhfeidhmíocht fheidhmiúil ó thaobh an úsáideora de nuair a dhéantar í a thomhas leis an modh tástála a úsáidtear don mheasúnú comhréireachta, ach amháin sa chás ina dtoilíonn an custaiméir go sainráite leis an feidhmíocht níos measa sin roimh an nuashonrú. Ní dhéanfar aon athrú de thoradh diúltú don nuashonrú.

Maidir le nuashonruithe ar bhogearraí nó dochtearraí, ní fhágfaidh siad, in imthosca ar bith, go mbeidh feidhmíocht an táirge dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo níos measa sa mhéid nach gcomhlíonfaidh an táirge a thuilleadh na ceanglais a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 is infheidhme tráth a chuirfear an táirge ar an margadh nó tráth a chuirfear i mbun seirbhíse é.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.