+Airteagal 42
---+Airteagal 42 1.
---+Airteagal 42 2.
---+Airteagal 42 3.
---+Airteagal 42 4.
---+Airteagal 42 5.
---+Airteagal 42 6.
---+Airteagal 42 7.

Airteagal 42

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 42 1.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear, i gcás táirgí a chumhdaítear le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4, sonraíochtaí coiteanna lena gcumhdaítear ceanglais éicidhearthóireachta, na ceanglais fhíor-riachtanacha le haghaidh pasanna táirgí digiteacha dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 11 nó na modhanna tástála, tomhais nó ríofa dá dtagraítear in Airteagal 39.

Ní ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

d’iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, eagraíocht Eorpach um chaighdeánú amháin nó níos mó caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh ceanglas éicidhearthóireachta, le haghaidh ceanglas fíor-riachtanach maidir le pasanna táirge digiteacha dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 11 den Rialachán seo nó maidir le modh tástála, tomhais nó ríofa dá dtagraítear in Airteagal 39 den Rialachán seo; agus:

(i) 

nár glacadh leis an iarraidh;

(ii) 

nach ndéantar an caighdeán comhchuibhithe lena dtugtar aghaidh ar an iarraidh sin a sholáthar laistigh den sprioc-am a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; nó

(iii) 

ní chomhlíonann an caighdeán comhchuibhithe an iarraidh; agus

(b) 

níor foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh ceanglas éicidhearthóireachta ná do cheanglas fíor-riachtanach le haghaidh pasanna táirge digiteacha dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 11 den Rialachán seo ná le haghaidh modh tástála, tomhais nó ríofa dá dtagraítear in Airteagal 39 den Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus ní mheastar go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 73(3).

Airteagal 42 2.
Sula n-ullmhóidh an Coimisiún an dréacht de na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, cuirfidh sé in iúl don choiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 go measann sé gur comhlíonadh na coinníollacha i mír 1 den Airteagal seo.
Airteagal 42 3.
Agus an dréacht de na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 á ullmhú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh tuairimí an Fhóraim Éicidhearthóireachta agus Ghrúpa Saineolaithe na mBallstát chomh maith le tuairimí aon chomhlachtaí ábhartha eile, agus rachaidh sé i gcomhairle go cuí leis na geallsealbhóirí ábhartha uile.
Airteagal 42 4.
Na modhanna tástála, tomhais agus ríofa dá dtagraítear in Airteagal 39, ar modhanna iad atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna a bhunaítear le gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó le codanna díobh, toimhdeofar go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach san Airteagal sin agus leis na ceanglais tástála, tomhais agus ríofa a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó le codanna díobh.
Airteagal 42 5.
Measfar táirgí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo atá i gcomhréir le sonraíochtaí coiteanna arna mbunú le gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nó codanna díobh a bheith i gcomhréir leis na ceanglais éicidhearthóireachta nó leis na ceanglais fhíor-riachtanacha le haghaidh pasanna táirge digiteacha dá dtagraítear in Airteagal 10 agus 11 nó leis na ceanglais le haghaidh modhanna tástála, tomhais nó ríofa dá dtagraítear in Airteagal 39 a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na sonraíochtaí coiteanna sin nó codanna díobh.
Airteagal 42 6.
I gcás ina nglacfaidh eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina molfaidh sí é don Choimisiún chun a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.

Nuair a fhoilseofar tagairtí do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 a aisghairm nó na codanna díobh lena gcumhdaítear na ceanglais éicidhearthóireachta chéanna, ceanglais fhíor-riachtanacha le haghaidh pasanna táirge digiteacha agus ceanglais le haghaidh modhanna tástála, tomhais nó ríofa.

Airteagal 42 7.
I gcás ina measann Ballstát nó Parlaimint na hEorpa nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann na ceanglais éicidhearthóireachta ina n-iomláine, na ceanglais fhíor-riachtanacha le haghaidh pasanna táirgí digiteacha agus ceanglais le haghaidh na modhanna tástála, tomhais nó ríofa, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin trí mhíniú mionsonraithe a thíolacadh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an míniú mionsonraithe sin agus, i gcás inarb iomchuí, féadfaidh sé an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann atá i gceist a leasú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.