+Airteagal 56
---+Airteagal 56 1.
---+Airteagal 56 2.
---+Airteagal 56 3.
---+Airteagal 56 4.
---+Airteagal 56 5.
---+Airteagal 56 6.
---+Airteagal 56 7.
|
Airteagal 56
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 56 1.
|
Na húdaráis a thugann fógra, ní fhéadfaidh siad fógra a thabhairt ach do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta a mbeidh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 52 comhlíonta acu.
|
|
Airteagal 56 2.
|
Na húdaráis a thugann fógra, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile trí úsáid a bhaint as an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún.
|
|
Airteagal 56 3.
|
Déanfar na mionsonraí iomlána faoi na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, faoin modúl um measúnú comhréireachta nó faoi na modúil um measúnú comhréireachta agus faoin táirge lena mbaineann nó faoi na táirgí lena mbaineann agus faoi fhianú ábhartha na hinniúlachta a áireamh san fhógra.
|
|
Airteagal 56 4.
|
I gcás nach bhfuil fógra bunaithe ar dheimhniú creidiúnaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 55(2), déanfaidh an t-údarás a thugann fógra fianaise dhoiciméadach lena bhfianaítear inniúlacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta agus na socruithe atá i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar faireachán ar an gcomhlacht go tráthrialta agus go leanfaidh an comhlacht de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 52 a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit eile.
|
|
Airteagal 56 5.
|
Féadfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann gníomhaíochtaí comhlachta
►C2
dá dtugtar fógra ◄ a dhéanamh más amhlaidh nach ndéanfaidh an Coimisiún ná na Ballstáit eile aon agóid laistigh de 2 sheachtain ón trath a thugtar fógra i gcás ina n-úsáidtear deimhniú creidiúnaithe, nó laistigh de 2 mhí ón tráth a thugtar fógra i gcás nach n-úsáidtear creidiúnú. Ní mheasfar ach comhlacht den sórt sin a bheith ina chomhlacht
►C2
dá dtugtar fógra ◄ chun críocha an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 56 6.
|
Beidh an fógra bailí an lá tar éis don Choimisiún an comhlacht a áireamh i liosta na gcomhlachtaí
►C2
dá dtugtar fógra ◄ dá dtagraítear in Airteagal 57(2). Ní fhéadfaidh an comhlacht lena mbaineann gníomhaíochtaí comhlachta
►C2
dá dtugtar fógra ◄ a dhéanamh ach tar éis an fógra a bheith bailí. Ní fhoilseoidh an Coimisiún fógra más eol dó, nó má fhaigheann sé amach, nach gcomhlíonann an comhlacht ábhartha
►C2
dá dtugtar fógra ◄ na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 52.
|
|
Airteagal 56 7.
|
Cuirfear an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon athrú ábhartha a dhéanfar ar an bhfógra ina dhiaidh sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|