+Airteagal 61
---+Airteagal 61 1.
---+Airteagal 61 2.
---+Airteagal 61 3.
---+Airteagal 61 4.
|
Airteagal 61
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 61 1.
|
Cuirfidh na comhlachtaí
►C2
dá dtugtar fógra ◄ an méid seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra:
(a)
aon deimhniú ar diúltaíodh dó, a srianadh, a cuireadh ar fionraí nó a tarraingíodh siar;
(b)
aon imthoisc a dhéanann difear do raon feidhme an fhógra nó do na coinníollacha ina leith;
(c)
aon iarraidh ar fhaisnéis arna fáil acu ó údaráis faireachais margaidh maidir le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;
(d)
arna iarraidh sin, gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta arna ndéanamh laistigh de raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile arna déanamh, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.
|
|
Airteagal 61 2.
|
Déanfaidh comhlachtaí
►C2
dá dtugtar fógra ◄ faisnéis ábhartha ar shaincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha agus, arna iarraidh sin orthu, torthaí dearfacha na measúnuithe comhréireachta a sholáthar do na comhlachtaí eile
►C2
dá dtugtar fógra ◄ faoin Rialachán seo a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta ina gcumhdaítear an grúpa táirgí céanna.
|
|
Airteagal 61 3.
|
I gcás ina gcuireann an Coimisiún nó údarás Ballstáit faireachais margaidh iarraidh faoi bhráid comhlacht
►C2
dá dtugtar fógra ◄ atá bunaithe ar chríoch Ballstáit eile maidir le measúnú comhréireachta arna dhéanamh ag an gcomhlacht sin
►C2
dá dtugtar fógra ◄ , cuirfidh sé cóip den iarraidh sin chuig údarás an Bhallstáit eile sin a thugann fógra. Déanfaidh an comhlacht
►C2
dá dtugtar fógra ◄ lena mbaineann freagra a thabhairt ar an iarraidh gan mhoill agus laistigh de 15 lá ar a dhéanaí. Áiritheoidh an t-údarás a thugann fógra go réiteoidh an comhlacht
►C2
dá dtugtar fógra ◄ na hiarrataí sin.
|
|
Airteagal 61 4.
|
I gcás ina bhfuil fianaise a bhaineann leis an méid seo a leanas ag comhlachtaí
►C2
dá dtugtar fógra ◄ nó ina bhfaigheann siad í, cuirfidh siad an t-údarás ábhartha faireachais margaidh nó an t-údarás ábhartha a thugann fógra, ar an eolas faoin bhfianaise sin, agus comhroinnfidh siad an fhianaise sin leis, de réir mar is iomchuí:
(a)
nach gcomhlíonann comhlacht eile
►C2
dá dtugtar fógra ◄ na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 52 ná a oibleagáidí;
(b)
nach gcomhlíonann táirge a chuirtear ar an margadh na ceanglais éicidhearthóireachta a leagtar amach i ngníomhartha tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4; nó
(c)
gur dócha go mbeidh táirge a chuirtear ar an margadh, mar gheall ar a riocht fisiceach, ina chúis le riosca tromchúiseach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|