|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na híoscheanglais a shocrú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, i bhfoirm sonraíochtaí teicniúla, critéir dhámhachtana, coinníollacha feidhmíochta conartha nó spriocanna. Socrófar na híoscheanglais i ndáil leis na gnéithe táirge a dtugtar aghaidh orthu sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 is infheidhme maidir leis na grúpaí táirgí i dtrácht, de réir mar is ábhartha do na grúpaí táirgí sin. Beidh na híoscheanglais bunaithe ar an dá aicme is airde feidhmíocht, ar na scóir is airde nó, nuair nach bhfuil siad ar fáil, ar na leibhéil feidhmíochta is fearr is féidir mar a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 is infheidhme maidir leis na grúpaí táirgí i dtrácht. Beidh ag na critéir dhámhachtana, i gcás inarb iomchuí, meáchan íosta idir 15 % agus 30 % sa phróiseas dámhachtana a chuirfidh ar a gcumas tionchar suntasach a imirt ar thoradh an nóis imeachta tairisceana agus a thabharfaidh tús áite do roghnú na dtáirgí is inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Ceanglófar le spriocanna go ndéanfaí, ar bhonn bliantúil nó ilbhliantúil, íoschéatadán 50 % de na táirgí is inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a sholáthar ar leibhéal na n-údarás conarthach nó na n-eintiteas conarthach, nó ar an leibhéal náisiúnta comhiomlánaithe. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 73(3).
|