|
+Airteagal 66 1. |
Airteagal 66 1.Déanfaidh gach Ballstát, sa straitéis faireachais margaidh náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/1020, roinn a sholáthar ar na gníomhaíochtaí faireachais margaidh arna mbeartú chun a áirithiú go ndéanfar seiceálacha iomchuí, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, seiceálacha fisiceacha agus saotharlainne, ar scála leormhaith i ndáil leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo. Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sa roinn dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
na táirgí nó na ceanglais arna sainaithint mar thosaíochtaí don fhaireachas margaidh, agus na tosaíochtaí comhchoiteanna arna sainaithint ag an ngrúpa comhair riaracháin (‘ADCO’), arna chur ar bun de bhun Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/1020, i gcomhréir le hAirteagal 68(1), pointe (a), agus na tuarascálacha de bhun Airteagal 67(2), á gcur i gcuntas.
(b)
na gníomhaíochtaí faireachais margaidh arna mbeartú chun neamhchomhlíonadh i gcás na dtáirgí nó na gceanglas sin a shainaithnítear mar thosaíochtaí a laghdú nó chun deireadh a chur leis, lena n-áirítear cineál na seiceálacha a bheidh le déanamh le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an straitéis náisiúnta faireachais margaidh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|