+Airteagal 66
---+Airteagal 66 1.
---+Airteagal 66 2.
---+Airteagal 66 3.
|
Airteagal 66
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 66 1.
|
Déanfaidh gach Ballstát, sa straitéis faireachais margaidh náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/1020, roinn a sholáthar ar na gníomhaíochtaí faireachais margaidh arna mbeartú chun a áirithiú go ndéanfar seiceálacha iomchuí, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, seiceálacha fisiceacha agus saotharlainne, ar scála leormhaith i ndáil leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo. Áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sa roinn dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
na táirgí nó na ceanglais arna sainaithint mar thosaíochtaí don fhaireachas margaidh, agus na tosaíochtaí comhchoiteanna arna sainaithint ag an ngrúpa comhair riaracháin (‘ADCO’), arna chur ar bun de bhun Airteagal 30(2) de Rialachán (AE) 2019/1020, i gcomhréir le hAirteagal 68(1), pointe (a), agus na tuarascálacha de bhun Airteagal 67(2), á gcur i gcuntas.
(b)
na gníomhaíochtaí faireachais margaidh arna mbeartú chun neamhchomhlíonadh i gcás na dtáirgí nó na gceanglas sin a shainaithnítear mar thosaíochtaí a laghdú nó chun deireadh a chur leis, lena n-áirítear cineál na seiceálacha a bheidh le déanamh le linn na tréimhse a chumhdaítear leis an straitéis náisiúnta faireachais margaidh.
|
|
Airteagal 66 2.
|
Déanfar na tosaíochtaí don fhaireachas margaidh dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointe (a), a shainaithint ar bhonn critéir oibiachtúla, lena n-áirítear na nithe seo a leanas:
(a)
na leibhéil neamhchomhlíonta a thugtar faoi deara sa mhargadh a thagann faoi inniúlacht an údaráis faireachais margaidh;
(b)
tionchar an neamhchomhlíonta ar an gcomhshaol;
(c)
i gcás ina bhfuil sé ar fáil, an líon gearán arna bhfáil ó úsáideoirí deiridh nó ó eagraíochtaí tomhaltóirí, nó faisnéis eile arna fáil ó oibreoirí eacnamaíocha nó ó na meáin;
(d)
an líon táirgí ábhartha a chuirtear ar fáil ar an margadh a thagann faoi inniúlacht an údaráis faireachais margaidh; agus
(e)
an líon oibreoirí eacnamaíocha ábhartha atá gníomhach ar margadh a thagann faoi inniúlacht an údaráis faireachais margaidh.
|
|
Airteagal 66 3.
|
I gcás catagóirí táirgí a shainaithnítear a bheith ina n-ardriosca neamhchomhlíonta, áireofar sna seiceálacha dá dtagraítear i mír 1, i gcás inarb iomchuí, seiceálacha fisiceacha agus saotharlainne bunaithe ar shamplaí leormhaithe. Beidh sé de cheart ag na húdaráis faireachais margaidh costais an iniúchta ar dhoiciméid agus na tástála fisicí ar tháirgí a ghnóthú ón oibreoir eacnamaíoch freagrach i gcás neamhchomhlíonadh gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|