+Airteagal 67
---+Airteagal 67 1.
---+Airteagal 67 2.
---+Airteagal 67 3.
|
Airteagal 67
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 67 1.
|
Déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh faisnéis faoi chineál agus déine aon phionóis a fhorchuirtear i ndáil le neamhchomhlíonadh an Rialacháin seo a chur isteach sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020.
|
|
Airteagal 67 2.
|
Déanfaidh an Coimisiún, gach 4 bliana, tuarascáil a tharraingt suas faoin 30 Meitheamh bunaithe ar an bhfaisnéis arna cur isteach ag na húdaráis faireachais margaidh sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020. Áireofar na nithe seo a leanas sa tuarascáil sin:
(a)
faisnéis faoi chineál agus líon na seiceálacha arna ndéanamh ag na húdaráis faireachais margaidh le linn na 4 bliana féilire roimhe sin de bhun Airteagal 34(4) agus (5) de Rialachán (AE) 2019/1020;
(b)
faisnéis faoi leibhéil an neamhchomhlíonta arna sainaithint agus faoi chineál agus déine na bpionós arna bhforchur i gcás na 4 bliana féilire roimhe sin i ndáil le táirgí a chumhdaítear le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo;
(c)
comparáid idir an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo agus na gníomhaíochtaí arna mbeartú i gcomhthéacs na roinne ar na gníomhaíochtaí faireachais margaidh arna tarraingt suas de bhun Airteagal 66(1);
(d)
tagarmharcanna táscacha do na húdaráis faireachais margaidh i ndáil le minicíocht na seiceálacha agus cineál agus déine na bpionós arna bhforchur;
(e)
liosta tosaíochtaí do na húdaráis faireachais margaidh ó thaobh táirgí agus ceanglas de.
|
|
Airteagal 67 3.
|
Foilseoidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí í. Foilseofar an chéad cheann de na tuarascálacha sin faoin 19 Iúil 2028.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|