|
+Airteagal 67 2. |
Airteagal 67 2.Déanfaidh an Coimisiún, gach 4 bliana, tuarascáil a tharraingt suas faoin 30 Meitheamh bunaithe ar an bhfaisnéis arna cur isteach ag na húdaráis faireachais margaidh sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020. Áireofar na nithe seo a leanas sa tuarascáil sin:
(a)
faisnéis faoi chineál agus líon na seiceálacha arna ndéanamh ag na húdaráis faireachais margaidh le linn na 4 bliana féilire roimhe sin de bhun Airteagal 34(4) agus (5) de Rialachán (AE) 2019/1020;
(b)
faisnéis faoi leibhéil an neamhchomhlíonta arna sainaithint agus faoi chineál agus déine na bpionós arna bhforchur i gcás na 4 bliana féilire roimhe sin i ndáil le táirgí a chumhdaítear le gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo;
(c)
comparáid idir an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den mhír seo agus na gníomhaíochtaí arna mbeartú i gcomhthéacs na roinne ar na gníomhaíochtaí faireachais margaidh arna tarraingt suas de bhun Airteagal 66(1);
(d)
tagarmharcanna táscacha do na húdaráis faireachais margaidh i ndáil le minicíocht na seiceálacha agus cineál agus déine na bpionós arna bhforchur;
(e)
liosta tosaíochtaí do na húdaráis faireachais margaidh ó thaobh táirgí agus ceanglas de. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|