+Airteagal 69
---+Airteagal 69 1.
---+Airteagal 69 2.
---+Airteagal 69 3.
---+Airteagal 69 4.
---+Airteagal 69 5.
---+Airteagal 69 6.
---+Airteagal 69 7.
---+Airteagal 69 8.

Airteagal 69

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 69 1.
I gcás ina mbeidh údar leordhóthanach ag na húdaráis faireachais margaidh chun a chreidiúint go bhfuil riosca ag baint le táirge a chumhdaítear faoi ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4, déanfaidh siad meastóireacht ina gcumhdófar na ceanglais uile atá ábhartha don riosca agus a leagtar síos sa Rialachán seo nó sa ghníomh tarmligthe sin.

I gcás ina bhfionnfaidh na húdaráis faireachais margaidh, le linn na meastóireachta sin, nach gcomhlíonann an táirge na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó sa ghníomh tarmligthe is infheidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4, ceanglóidh siad, gan mhoill, ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí agus chomhréireach a dhéanamh, laistigh de thréimhse réasúnta a fhorchuirfidh na húdaráis faireachais margaidh, a bheidh comhchuimseach le cineál agus, i gcás inarb ábhartha, leibhéal an neamhchomhlíonta, chun deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh. Féadfar na gníomhaíochtaí a liostaítear in Airteagal 16(3) de Rialachán (AE) 2019/1020, inter alia, a áireamh sa ghníomhaíocht cheartaitheach sin.

Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an comhlacht ábhartha ►C2  dá dtugtar fógra ◄ ar an eolas faoi sin dá réir.

Airteagal 69 2.
I gcás ina measann na húdaráis faireachais margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh teoranta dá gcríoch náisiúnta, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta agus faoin ngníomhaíocht cheartaitheach a bheidh curtha de cheangal ar an oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh acu.
Airteagal 69 3.
Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha go ndéanfar an ghníomhaíocht cheartaitheach iomchuí uile i leith na dtáirgí uile lena mbaineann a bheidh curtha ar fáil aige ar an margadh ar fud an Aontais.
Airteagal 69 4.
I gcás nach ndéanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, nó ina leanann an neamhchomhlíonadh ar aghaidh, déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh na bearta sealadacha iomchuí uile chun toirmeasc nó srian a chur ar an táirge lena mbaineann a chur ar a margadh náisiúnta, chun é a aistarraingt ón margadh nó chun é a aisghairm.

Cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas, gan mhoill, faoi na bearta sin.

Airteagal 69 5.

An fhaisnéis atá le soláthar don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, déanfar í a chur in iúl tríd an gcóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2019/1020 agus cuimseofar inti na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun an táirge neamhchomhlíontach, ionad tionscnaimh an táirge, cineál an neamhchomhlíonta atá líomhnaithe agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a léirigh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha a shainaithint. Tabharfaidh na húdaráis faireachais margaidh le fios freisin cibé an é aon cheann den dá ní seo a leanas is cúis leis an neamhchomhlíonadh:

(a) 

mainneachtain an táirge na ceanglais a leagtar amach sa ghníomh tarmligthe ábhartha arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo a chomhlíonadh; nó

(b) 

easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe nó sna sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagail 41 agus 42 den Rialachán seo lena mbronntar toimhde chomhréireachta.

Airteagal 69 6.
Déanfaidh Ballstáit seachas an Ballstát a bhfuil an nós imeachta á thionscnamh aige an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas, gan mhoill, faoi aon bheart arna ghlacadh agus faoi aon fhaisnéis bhreise a mbeidh fáil acu uirthi i dtaca le neamhchomhlíonadh an táirge lena mbaineann agus, i gcás easaontú leis an mbeart náisiúnta ar tugadh fógra faoi, faoina gcuid agóidí.
Airteagal 69 7.
Más rud é, laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 a fháil, nach bhfuil aon agóid déanta ag Ballstát ná ag an gCoimisiún maidir le beart sealadach arna dhéanamh ag Ballstát, measfar go bhfuil údar cuí leis an mbeart sin. Féadfaidh an beart sealadach sin tréimhse seachas tréimhse 3 mhí a shonrú chun sainiúlachtaí na dtáirgí nó na gceanglas lena mbaineann a chur i gcuntas.
Airteagal 69 8.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí i leith an táirge lena mbaineann, amhail an táirge a tharraingt siar óna margadh, gan mhoill.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.