+Airteagal 79
---+Airteagal 79 1.
---+Airteagal 79 2.
---+Airteagal 79 3.
---+Airteagal 79 4.
|
Airteagal 79
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 79 1.
|
Aisghairtear Treoir 2009/125/CE le héifeacht ón 18 Iúil 2024, seachas:
(a)
Airteagail 1 agus 2, Airteagal 8(2), Airteagail 11, 14, 15, 18, agus 19 de Threoir 2009/125/CE agus Iarscríbhinní I, II, IV, V agus VII a ghabhann léi sa leagan is infheidhme an 17 Iúil 2024, a leanfaidh, in ionad Airteagail 1, 2, 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 11, 12, 13, 19 agus 20 den Rialachán seo, agus Iarscríbhinní I, II, III agus IV a ghabhann leis an Rialachán seo, d’fheidhm a bheith acu:
(i)
go dtí an 31 Nollaig 2026, maidir le grianphainéil, téitheoirí spáis agus comhthéitheoirí, téitheoirí uisce, téitheoirí spáis áitiúla breosla sholadaigh, aerchóiritheoirí lena n-áirítear teaschaidéil aer go haer agus gaothráin chompoird, coirí breosla sholadaigh, táirgí téimh aeir agus táirgí fuaraithe, aonaid aerála, folúsghlantóirí, fearais chócaireachta, caidéil uisce, gaothráin thionsclaíocha, athfhillteoirí, soláthairtí seachtracha cumhachta, ríomhairí, freastalaithe agus táirgí stórála sonraí, claochladáin chumhachta, trealamh cuisniúcháin gairmiúil, agus trealamh íomháithe;
(ii)
go dtí an 31 Nollaig 2030, maidir le táirgí a rialaítear le bearta cur chun feidhme a ghlactar de bhun Airteagal 15 de Threoir 2009/125/CE, ach sa mhéid go bhfuil gá le leasuithe, áfach, chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna teicniúla i ndáil leis na bearta cur chun feidhme sin.
(b)
Airteagal 1(3), Airteagal 2, Airteagal 3(1), Airteagail 4, 5 agus 8, Airteagal 9(3), Airteagail 10, 14 agus 20 de Threoir 2009/125/CE, agus Iarscríbhinní IV, V agus VI a ghabhann léi, sa leagan is infheidhme an 17 Iúil 2024, a leanfaidh, in ionad Airteagail 1, 2, 27 agus 29, Airteagal 41(4), Airteagal 43(2), Airteagail 44, 45 agus 46 agus Airteagal 74 den Rialachán seo, agus Iarscríbhinní IV agus V a ghabhann leis, d’fheidhm a bheith acu maidir le táirgí arna rialáil le bearta cur chun feidhme a ghlactar de bhun Airteagal 15 den Treoir sin go dtí go n-aisghairfear na bearta sin nó go ndearbhófar go bhfuil siad imithe i léig.
Beidh feidhm ag pointe (b) den mhír seo a thúisce a bheidh bearta cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 15 de Threoir 2009/125/CE i leith na dtáirgí dá dtagraítear i bpointe (a)(i) agus (ii).
|
|
Airteagal 79 2.
|
Beidh feidhm ag Airteagail 3 agus 40 agus Airteagail 66 go 71 den Rialachán seo maidir le táirgí a rialaítear le bearta cur chun feidhme a ghlactar de bhun Airteagal 15 de Threoir 2009/125/CE.
|
|
Airteagal 79 3.
|
Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn VIII.
|
|
Airteagal 79 4.
|
I gcás táirgí a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i mbun seirbhíse i gcomhréir le Treoir 2009/125/CE roimh dháta chur i bhfeidhm gnímh tharmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4 den Rialachán seo lena gcumhdaítear na táirgí céanna, déanfaidh an monaróir, go ceann tréimhse 10 mbliana ón dáta a bheidh an táirge deireanach de na táirgí sin monaraithe, leagan leictreonach den doiciméadacht i dtaca leis an measúnú comhréireachta agus an dearbhú comhréireachta a chur ar fáil chun a iniúchta laistigh de 10 lá tar éis iarraidh a fháil ó na húdaráis faireachais margaidh nó ón gCoimisiún.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 28.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1781
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|