3. Cuirfidh oibreoirí agus gnóthais atá bunaithe san Aontas tuarascáil faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an tsócmhainn lonnaithe, ar tuarascáil í ina mbeidh cainníochtú ar astaíochtaí meatáin ar an leibhéal foinse, arna comhlánú le tomhais ar astaíochtaí meatáin ag leibhéal láithreáin, agus ar an gcaoi sin beifear in ann measúnú a dhéanamh ar na meastacháin ag leibhéal foinse, arna gcomhiomlánú de réir láithreáin, agus comparáid a dhéanamh leo:
|
(a)
|
i gcás sócmhainní oibrithe, faoin 5 Feabhra 2027 agus faoin 31 Bealtaine gach bliain ina dhiaidh sin; agus
|
|
(b)
|
i gcás sócmhainní neamhoibrithe, faoin 5 Lúnasa 2028 agus faoin 31 Bealtaine gach bliain ina dhiaidh sin, i gcás nár tuairiscíodh na sócmhainní sin faoi phointe (a).
|
Sula gcuirfidh siad an tuarascáil faoi bhráid na n-údarás inniúil, áiritheoidh oibreoirí agus gnóthais go ndéanfaidh fíoraitheoir measúnú ar an tuarascáil agus go n-áiritheofar inti ráiteas maidir le fíorú arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 8.