+Airteagal 12 Faireachán agus tuairisciú
---+Airteagal 12 1
---+Airteagal 12 2
---+Airteagal 12 3
---+Airteagal 12 4
---+Airteagal 12 5
---+Airteagal 12 6
---+Airteagal 12 7
---+Airteagal 12 8
|
Airteagal 12 Faireachán agus tuairisciú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1
|
1. Faoin 5 Lúnasa 2025 , cuirfidh oibreoirí tuarascáil faoi bhráid na n-údarás inniúil ina mbeidh cainníochtú na n-astaíochtaí meatáin measta ag leibhéal foinse, trí úsáid a bhaint as fachtóirí astaíochta atá cineálach ar a laghad le haghaidh gach foinse. Féadfaidh cainníochtú astaíochtaí meatáin ag leibhéal foinse a bheith sa tuarascáil sin i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i mír 2 le haghaidh roinnt foinsí nó le haghaidh na bhfoinsí uile.
|
|
Airteagal 12 2
|
2. Cuirfidh oibreoirí agus gnóthais atá bunaithe san Aontas tuarascáil faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an tsócmhainn lonnaithe, ar tuarascáil í ina mbeidh cainníochtú ar na hastaíochtaí meatáin ar an leibhéal foinse:
|
(a)
|
i gcás sócmhainní oibrithe, faoin 5 Feabhra 2026; agus
|
|
(b)
|
i gcás sócmhainní neamhoibrithe, faoin 5 Feabhra 2027, i gcás nár tuairiscíodh na sócmhainní sin faoi phointe (a).
|
I gcás nach féidir tomhas díreach a dhéanamh, is éard a bheidh i gceist leis an tuairisciú úsáid a bhaint as fachtóirí astaíochta sonracha bunaithe ar chainníochtú nó sampláil ag leibhéal foinse.
|
|
Airteagal 12 3
|
3. Cuirfidh oibreoirí agus gnóthais atá bunaithe san Aontas tuarascáil faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an tsócmhainn lonnaithe, ar tuarascáil í ina mbeidh cainníochtú ar astaíochtaí meatáin ar an leibhéal foinse, arna comhlánú le tomhais ar astaíochtaí meatáin ag leibhéal láithreáin, agus ar an gcaoi sin beifear in ann measúnú a dhéanamh ar na meastacháin ag leibhéal foinse, arna gcomhiomlánú de réir láithreáin, agus comparáid a dhéanamh leo:
|
(a)
|
i gcás sócmhainní oibrithe, faoin 5 Feabhra 2027 agus faoin 31 Bealtaine gach bliain ina dhiaidh sin; agus
|
|
(b)
|
i gcás sócmhainní neamhoibrithe, faoin 5 Lúnasa 2028 agus faoin 31 Bealtaine gach bliain ina dhiaidh sin, i gcás nár tuairiscíodh na sócmhainní sin faoi phointe (a).
|
Sula gcuirfidh siad an tuarascáil faoi bhráid na n-údarás inniúil, áiritheoidh oibreoirí agus gnóthais go ndéanfaidh fíoraitheoir measúnú ar an tuarascáil agus go n-áiritheofar inti ráiteas maidir le fíorú arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 8.
|
|
Airteagal 12 4
|
4. Cumhdófar leis na tuarascálacha dá bhforáiltear san Airteagal seo tréimhse na bliana féilire is déanaí atá ar fáil agus áiritheofar iontu an fhaisnéis a leanas ar a laghad:
|
(a)
|
cineál agus suíomh na bhfoinsí astaíochta;
|
|
(b)
|
sonraí mionsonraithe maidir le gach cineál foinse astaíochtaí, arna dtuairisciú i dtonaí meatáin agus i dtonaí de choibhéis CO2, agus úsáid á baint as poitéinseal téimh dhomhanda mar a shainmhínítear sa Séú Tuarascáil Mheasúnachta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) iad;
|
|
(c)
|
faisnéis mhionsonraithe maidir leis na modheolaíochtaí cainníochtaithe;
|
|
(d)
|
gach astaíocht meatáin maidir le sócmhainní oibrithe;
|
|
(e)
|
sciar na húinéireachta agus na n-astaíochtaí meatáin dar bun sócmhainní neamhoibrithe arna n-iolrú faoi sciar na húinéireachta;
|
|
(f)
|
liosta na n-eintiteas a bhfuil rialú oibríochtúil ar na sócmhainní neamhoibrithe acu.
|
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, teimpléad tuairiscithe a leagan síos le haghaidh na dtuarascálacha dá bhforáiltear san Airteagal seo, agus na tuarascálacha fardail náisiúnta atá i bhfeidhm cheana agus na treoirdhoiciméid theicniúla agus na teimpléid tuairiscithe is déanaí ó OGMP á gcur san áireamh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 35(2).
Go dtí go nglacfar na gníomhartha ábhartha cur chun feidhme, úsáidfidh oibreoirí agus gnóthais na treoirdhoiciméid theicniúla agus teimpléid tuairiscithe de chuid OGMP 2.0 i gcomhair oibríochtaí réamhtheachtacha agus iartheachtacha, de réir mar is infheidhme.
|
|
Airteagal 12 5
|
5. Déanfar na tomhais agus an cainníochtú dá dtagraítear san Airteagal seo i gcomhréir leis na caighdeáin agus na saintreoracha teicniúla, de réir mar is infheidhme, arna mbunú faoi Airteagal 32. Go dtí dáta chur i bhfeidhm na gcaighdeán nó na saintreoracha teicniúla sin, leanfaidh oibreoirí agus gnóthais cleachtais tionscail úrscothacha agus bainfidh siad úsáid as na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil chun astaíochtaí meatáin a thomhas agus a chainníochtú. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh oibreoirí agus gnóthais atá bunaithe san Aontas na treoirdhoiciméid theicniúla is déanaí ó OGMP 2.0 arna bhformheas faoin 5 Lúnasa 2024 a úsáid chun na gcríoch sin.
Soláthróidh oibreoirí agus gnóthais faisnéis do na húdaráis inniúla agus na fíoraitheoirí maidir leis na caighdeáin, lena n-áirítear caighdeáin Eorpacha nó caighdeáin idirnáisiúnta eile, nó na modheolaíochtaí a úsáidtear.
|
|
Airteagal 12 6
|
6. Déanfaidh oibreoirí agus gnóthais atá bunaithe san Aontas cainníochtú astaíochtaí meatáin ag leibhéal foinse agus cainníochtú astaíochtaí meatáin ag leibhéal láithreáin a chur i gcomparáid le chéile. Má tá neamhréireachtaí suntasacha staidrimh idir an cainníochtú astaíochtaí meatáin ag leibhéal foinse agus ag leibhéal láithreáin, déanfaidh oibreoirí agus gnóthais an méid seo a leanas:
|
(a)
|
fógra a thabhairt gan mhoill do na húdaráis inniúla roimh dheireadh na tréimhse tuairiscithe;
|
|
(b)
|
próiseas réitigh a chur i gcrích a luaithe is féidir agus an t-údarás inniúil a chur ar an eolas faoi thorthaí an phróisis réitigh, lena n-áirítear aon fhianaise agus doiciméid tacaíochta de réir mar is gá, tráth nach déanaí ná an chéad tréimhse tuairiscithe eile.
|
Leis an bpróiseas réitigh, tabharfar aghaidh ar na cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith leis na neamhréireachtaí, lena n-áirítear ar a laghad cruinneas agus oiriúnacht na dteicneolaíochtaí agus na modhanna a úsáidtear chun astaíochtaí meatáin a chainníochtú ag leibhéal foinse agus a thomhas ag leibhéal láithreáin, nó aon éiginnteachtaí sonraí sna torthaí mar gheall ar mhodhanna, teicneolaíochtaí nó eachtarshuíomh na dtorthaí a roghnaíodh.
Chun críocha an phróisis réitigh, breithneoidh na hoibreoirí agus na gnóthais cainníochtú breise ag leibhéal foinse nó tomhais bhreise ag leibhéal láithreáin chun an fhianaise is gá a sholáthar chun míniú a thabhairt ar na cúiseanna atá leis na neamhréireachtaí. Bunaithe ar thorthaí an phróisis réitigh, déanfaidh oibreoirí agus gnóthais coigeartuithe ina dhiaidh sin i dtéarmaí uimhriúla i gcainníochtú ag leibhéal foinse nó i dtomhais ag leibhéal láithreáin a chur chun feidhme, i gcás inarb iomchuí.
Má mheasann na húdaráis inniúla nach dtugtar míniú leordhóthanach san fhaisnéis arna soláthar ag an oibreoir nó ag an ngnóthas de bhun phointe (b) den chéad fhomhír ar na cúiseanna atá leis na neamhréireachtaí, féadfaidh na húdaráis inniúla iarraidh ar an oibreoir nó ar an ngnóthas faisnéis bhreise a sholáthar nó gníomhaíocht bhreise a dhéanamh.
|
|
Airteagal 12 7
|
7. I gcás ina bhfuil faisnéis faoi rún i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), sonróidh na hoibreoirí nó na gnóthais lena mbaineann sa tuarascáil an cineál faisnéise a coinníodh siar agus an chúis leis sin.
|
|
Airteagal 12 8
|
8. Cuirfidh na húdaráis inniúla na tuarascálacha dá dtagraítear san Airteagal seo ar fáil don phobal agus don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 5(4), laistigh de 3 mhí ón dáta a dtíolacfaidh na hoibreoirí nó na gnóthais ábhartha iad.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1787
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|