5. Déanfar na tomhais agus an cainníochtú dá dtagraítear san Airteagal seo i gcomhréir leis na caighdeáin agus na saintreoracha teicniúla, de réir mar is infheidhme, arna mbunú faoi Airteagal 32. Go dtí dáta chur i bhfeidhm na gcaighdeán nó na saintreoracha teicniúla sin, leanfaidh oibreoirí agus gnóthais cleachtais tionscail úrscothacha agus bainfidh siad úsáid as na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil chun astaíochtaí meatáin a thomhas agus a chainníochtú. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh oibreoirí agus gnóthais atá bunaithe san Aontas na treoirdhoiciméid theicniúla is déanaí ó OGMP 2.0 arna bhformheas faoin 5 Lúnasa 2024 a úsáid chun na gcríoch sin.
Soláthróidh oibreoirí agus gnóthais faisnéis do na húdaráis inniúla agus na fíoraitheoirí maidir leis na caighdeáin, lena n-áirítear caighdeáin Eorpacha nó caighdeáin idirnáisiúnta eile, nó na modheolaíochtaí a úsáidtear.