6. Déanfaidh oibreoirí agus gnóthais atá bunaithe san Aontas cainníochtú astaíochtaí meatáin ag leibhéal foinse agus cainníochtú astaíochtaí meatáin ag leibhéal láithreáin a chur i gcomparáid le chéile. Má tá neamhréireachtaí suntasacha staidrimh idir an cainníochtú astaíochtaí meatáin ag leibhéal foinse agus ag leibhéal láithreáin, déanfaidh oibreoirí agus gnóthais an méid seo a leanas:
|
(a)
|
fógra a thabhairt gan mhoill do na húdaráis inniúla roimh dheireadh na tréimhse tuairiscithe;
|
|
(b)
|
próiseas réitigh a chur i gcrích a luaithe is féidir agus an t-údarás inniúil a chur ar an eolas faoi thorthaí an phróisis réitigh, lena n-áirítear aon fhianaise agus doiciméid tacaíochta de réir mar is gá, tráth nach déanaí ná an chéad tréimhse tuairiscithe eile.
|
Leis an bpróiseas réitigh, tabharfar aghaidh ar na cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith leis na neamhréireachtaí, lena n-áirítear ar a laghad cruinneas agus oiriúnacht na dteicneolaíochtaí agus na modhanna a úsáidtear chun astaíochtaí meatáin a chainníochtú ag leibhéal foinse agus a thomhas ag leibhéal láithreáin, nó aon éiginnteachtaí sonraí sna torthaí mar gheall ar mhodhanna, teicneolaíochtaí nó eachtarshuíomh na dtorthaí a roghnaíodh.
Chun críocha an phróisis réitigh, breithneoidh na hoibreoirí agus na gnóthais cainníochtú breise ag leibhéal foinse nó tomhais bhreise ag leibhéal láithreáin chun an fhianaise is gá a sholáthar chun míniú a thabhairt ar na cúiseanna atá leis na neamhréireachtaí. Bunaithe ar thorthaí an phróisis réitigh, déanfaidh oibreoirí agus gnóthais coigeartuithe ina dhiaidh sin i dtéarmaí uimhriúla i gcainníochtú ag leibhéal foinse nó i dtomhais ag leibhéal láithreáin a chur chun feidhme, i gcás inarb iomchuí.
Má mheasann na húdaráis inniúla nach dtugtar míniú leordhóthanach san fhaisnéis arna soláthar ag an oibreoir nó ag an ngnóthas de bhun phointe (b) den chéad fhomhír ar na cúiseanna atá leis na neamhréireachtaí, féadfaidh na húdaráis inniúla iarraidh ar an oibreoir nó ar an ngnóthas faisnéis bhreise a sholáthar nó gníomhaíocht bhreise a dhéanamh.