8. Comhlíonfaidh oibreoirí an tAirteagal seo gan mhoill agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná an 5 Feabhra 2026 maidir le láithreáin atá ann cheana, agus tráth nach déanaí ná 12 mhí ó dháta thús na n-oibríochtaí maidir le láithreáin nua. I gcás nach bhfuil oibreoirí in ann an tAirteagal seo a chomhlíonadh mar gheall ar mhoill eisceachtúil arb é is cúis léi an gá le cead nó aon údarú riaracháin eile a fháil ó na húdaráis ábhartha nó toisc nach bhfuil trealamh scaoilte nó bladhmtha ar fáil, soláthróidh siad sceideal cur chun feidhme mionsonraithe do na húdaráis inniúla. Beidh fianaise leordhóthanach sa sceideal sin gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos sa mhír seo. Féadfaidh na húdaráis inniúla modhnuithe ar an sceideal sin a éileamh.