+Airteagal 15 Srianta ar scaoileadh agus bladhmadh
---+Airteagal 15 1
---+Airteagal 15 2
---+Airteagal 15 3
---+Airteagal 15 4
---+Airteagal 15 5
---+Airteagal 15 6
---+Airteagal 15 7
---+Airteagal 15 8
|
Airteagal 15 Srianta ar scaoileadh agus bladhmadh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1
|
1. Toirmiscfear scaoileadh ach amháin sna himthosca dá bhforáiltear san Airteagal seo. Déanfar gnáthbhladhmadh a thoirmeasc.
|
|
Airteagal 15 2
|
2. Ní cheadófar scaoileadh ná bladhmadh ach amháin i gcás éigeandála nó mífheidhme.
|
|
Airteagal 15 3
|
3. D’ainneoin mhír 2, ceadófar scaoileadh nó bladhmadh i gcás nach féidir iad a sheachaint agus ina bhfuil fíorghá leo agus faoi réir na n-oibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 16.
Measfar scaoileadh agus bladhmadh a bheith dosheachanta agus fíor-riachtanach sna cásanna sonracha seo a leanas i gcás nach féidir scaoileadh nó bladhmadh, de réir mar is infheidhme, a dhíothú go hiomlán nó i gcás ina bhfuil gá leis ar chúiseanna sábháilteachta:
|
(a)
|
le linn gnáthoibríochtaí gaireas neomatach, comhbhrúiteoirí, umair stórála brú atmaisféaraigh, gairis samplála agus tomhais agus séalaí gáis tirime, nó comhpháirteanna eile atá ceaptha le scaoileadh, ar choinníoll go gcomhlíonann an trealamh sin na caighdeáin nó na saintreoracha teicniúla a bhunaítear faoi Airteagal 32 agus go ndéantar é a chothabháil i gceart chun caillteanais meatáin a íoslaghdú;
|
|
(b)
|
chun bac leachtach a dhíluchtú nó a ghlanadh i dtobar ar bhrú atmaisféarach;
|
|
(c)
|
le linn umar stórála nó soitheach ísealbhrú eile a thomhas nó a shampláil, ar choinníoll go gcomhlíonann an t-umar nó an soitheach na caighdeáin nó na saintreoracha teicniúla a bhunaítear faoi Airteagal 32;
|
|
(d)
|
le linn leachtanna a aistriú ó umar stórála nó soitheach ísealbhrú eile go feithicil iompair ar choinníoll go gcomhlíonann an t-umar nó an soitheach na caighdeáin nó na saintreoracha teicniúla a bhunaítear faoi Airteagal 32;
|
|
(e)
|
le linn deisithe, cothabhála, nósanna imeachta tástála agus díchoimisiúnaithe, lena n-áirítear trealamh a shéidghlanadh agus a dhíbhrú chun deisiú agus cothabháil a dhéanamh;
|
|
(f)
|
le linn thástáil cinn Braden;
|
|
(g)
|
le linn tástáil sceite pacálaí;
|
|
(h)
|
le linn tástáil táirgthe a mhaireann níos lú ná 24 uair an chloig;
|
|
(i)
|
i gcás nach gcomhlíonann meatán sonraíochtaí na píblíne bailithe, ar choinníoll go ndéanann an t-oibreoir anailís ar shamplaí meatáin dhá uair sa tseachtain chun a chinneadh cé acu a baineadh nó nár baineadh na sonraíochtaí amach agus cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear an meatán i bpíblíne bhailithe trína mbíthin a luaithe agus a chomhlíontar na sonraíochtaí píblíne;
|
|
(j)
|
nuair a bhíonn píblínte, trealamh nó saoráidí á gcoimisiúnú, a fhad is gá chun eisíontais a thugtar isteach ón bpíblíne nó ón trealamh a ghlanadh,;
|
|
(k)
|
nuair a bhíonn scríobaireacht á déanamh ar phíblíne, nuair a bhíonn séidghlanadh á dhéanamh ar phíblíne chun í a dheisiú, nuair a bhíonn píblíne á díchoimisiúnú nó nuair a bhíonn sciúradh á dhéanamh ar phíblíne chun í a dheisiú nó a chothabháil, agus i gcás nach féidir an gás a choinneáil istigh nó a atreorú isteach i gcuid den phíblíne nach ndearnadh difear di, agus sa chás sin amháin.
|
|
|
Airteagal 15 4
|
4. I gcás ina gceadaítear scaoileadh de bhun mhíreanna 2 agus 3, ní scaoilfidh oibreoirí ach i gcás nach bhfuil bladhmadh indéanta go teicniúil mar gheall ar easpa inadhainteachta nó neamhábaltacht lasair a chothú, rioscaí a chuirfeadh sábháilteacht oibríochtaí nó pearsanra i mbaol nó i gcás ina mbeadh tionchar níos measa aige ar an gcomhshaol i dtéarmaí astaíochtaí. I gcás den sórt sin, mar chuid de na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 16, tabharfaidh oibreoirí fógra do na húdaráis inniúla agus soláthróidh siad fianaise maidir leis an ngá atá le scaoileadh a úsáid in ionad bladhmtha.
|
|
Airteagal 15 5
|
5. Tiocfaidh trealamh malartach nach n-astaíonn astaíochtaí in ionad an trealaimh scaoilte i gcás ina mbeidh fáil tráchtála air sin agus má chomhlíonann sé na caighdeáin nó na saintreoracha teicniúla le haghaidh comhpháirteanna atá ceaptha le scaoileadh arna mbunú faoi Airteagal 32.
|
|
Airteagal 15 6
|
6. De bhreis ar na coinníollacha a leagtar amach i míreanna 2 agus 3, ní cheadófar bladhmadh ach amháin i gcás nach bhfuil sé indéanta an meatán a athinstealladh, a úsáid ar an láthair, a stóráil lena úsáid ina dhiaidh sin nó a sheoladh chuig margadh ar chúiseanna seachas cúinsí eacnamaíocha. I gcás mar sin, mar chuid de na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 16, léireoidh oibreoirí do na húdaráis inniúla an gá le bladhmadh a úsáid in ionad an meatán a athinstealladh, a úsáid ar an láthair, a stóráil lena úsáid ina dhiaidh sin nó a sheoladh chuig margadh.
|
|
Airteagal 15 7
|
7. I gcás ina ndéantar láithreán a thógáil, a athsholáthar nó a athchóiriú ina iomláine, ní dhéanfaidh oibreoirí ach gairis neomatacha atá saor ó astaíochtaí, comhbhrúiteoirí, umair stórála brú atmaisféaraigh, gairis samplála agus tomhais agus séalaí gáis tirime, atá ar fáil ar bhonn tráchtála, a shuiteáil agus a úsáid. I gcás ina ndéantar láithreán a ionadú nó a athchóiriú go páirteach, ní dhéanfaidh oibreoirí ach gairis neomatacha atá saor ó astaíochtaí, comhbhrúiteoirí, umair stórála brú atmaisféaraigh, gairis samplála agus tomhais agus séalaí gáis tirime, atá ar fáil ar bhonn tráchtála, a shuiteáil agus a úsáid sa chuid sin.
|
|
Airteagal 15 8
|
8. Comhlíonfaidh oibreoirí an tAirteagal seo gan mhoill agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná an 5 Feabhra 2026 maidir le láithreáin atá ann cheana, agus tráth nach déanaí ná 12 mhí ó dháta thús na n-oibríochtaí maidir le láithreáin nua. I gcás nach bhfuil oibreoirí in ann an tAirteagal seo a chomhlíonadh mar gheall ar mhoill eisceachtúil arb é is cúis léi an gá le cead nó aon údarú riaracháin eile a fháil ó na húdaráis ábhartha nó toisc nach bhfuil trealamh scaoilte nó bladhmtha ar fáil, soláthróidh siad sceideal cur chun feidhme mionsonraithe do na húdaráis inniúla. Beidh fianaise leordhóthanach sa sceideal sin gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos sa mhír seo. Féadfaidh na húdaráis inniúla modhnuithe ar an sceideal sin a éileamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1787
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|