3. Déanfaidh oibreoirí cigireacht ar shimléir bhladhaire nó gairis dócháin eile gach 15 lá i gcomhréir le hIarscríbhinn IV, ach amháin i gcás nach n-úsáidtear iad ar bhonn rialta. I gcás nach n-úsáidtear simléir bhladhaire nó feistí dócháin eile ar bhonn rialta, déanfaidh oibreoirí cigireacht orthu roimh gach úsáid.
De rogha ar chigireachtaí rialta, faoi réir fhormheas na n-údarás inniúil, féadfaidh oibreoirí córais chianfhaireacháin nó uathoibrithe, mar a shonraítear i gcomhréir le pointí (1) agus (2) d’Iarscríbhinn IV, a úsáid.
I gcás ina mbraitear neamhrialtachtaí, déanfaidh oibreoirí cúis na neamhrialtachta a imscrúdú agus í a leigheas laistigh de 6 huair an chloig nó, i gcás teagmhas adhaimsire nó dálaí foircneacha eile, laistigh de 6 uair an chloig tar éis do ghnáthdhálaí a bheith ann arís.