6. Faoin 5 Lúnasa 2025 agus faoin 31 Bealtaine gach bliain ina dhiaidh sin, cuirfidh oibreoirí mianaigh agus oibreoirí stáisiúin draenála tuarascáil ina mbeidh sonraí maidir le hastaíochtaí meatáin bliantúla ar leibhéal foinse faoi bhráid na n-údarás inniúil i gcomhréir leis an Airteagal seo.
Cumhdófar leis an tuarascáil sin tréimhse na bliana féilire is déanaí atá ar fáil agus áireofar inti na heilimintí a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VI maidir le mianaigh ghuail faoi thalamh atá gníomhach, i gCuid 2 d’Iarscríbhinn VI maidir le mianaigh ghuail dhromchla atá gníomhach agus i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VI maidir le stáisiúin draenála.
Sula gcuirfear faoi bhráid na n-údarás inniúil iad, áiritheoidh oibreoirí mianaigh agus oibreoirí stáisiúin draenála go ndéanfaidh fíoraitheoir measúnú ar na tuarascálacha dá dtagraítear sa mhír seo agus go n-áiritheofar iontu ráiteas fíoraithe a eiseofar i gcomhréir le hAirteagal 8.