|
+Airteagal 22 2 |
Airteagal 22 22. Cuirfear toirmeasc ar scaoileadh meatáin trí sheaftaí aerála i mianaigh ghuail ina n-astaítear níos mó ná cúig thona meatáin in aghaidh an chileathona guail arna bhaint, seachas i mianaigh ghuail chóic, ón 1 Eanáir 2027, ach amháin i gcás éigeandála. Cuirfear toirmeasc ar scaoileadh meatáin trí sheaftaí aerála i mianaigh ghuail ina n-astaítear níos mó ná trí thona meatáin in aghaidh an chileathona guail arna bhaint, seachas i mianaigh ghuail chóic, ón 1 Eanáir 2031, ach amháin i gcás éigeandála. Beidh feidhm ag na tairseacha sin in aghaidh na bliana, in aghaidh an mhianaigh agus in aghaidh an oibreora, i gcás ina n-oibríonn eintiteas amháin roinnt mianach guail. Ní ghinfidh na bearta a dhéanfar i gcomhréir leis an mír seo meath ar shábháilteacht na n-oibrithe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|