7. Beidh oibreoirí mianaigh nó na Ballstáit freagrach as na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 2 go 6 den Airteagal seo a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann le mianaigh ghuail dhúnta faoi thalamh. Beidh na Ballstáit freagrach as na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 2 go 6 den Airteagal seo a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann le mianaigh ghuail thréigthe faoi thalamh. I gcás úsáidí malartacha mianach guail tréigthe faoi thalamh, beidh sealbhóir an cheada dá dtagraítear in Airteagal 26(3) freagrach as na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 6 den Airteagal seo a chomhlíonadh.