1. Ar bhonn an fhardail dá dtagraítear in Airteagal 25, déanfaidh na Ballstáit plean maolúcháin a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun dul i ngleic le hastaíochtaí meatáin ó mhianaigh ghuail dhúnta faoi thalamh agus ó mhianaigh ghuail thréigthe faoi thalamh inar scoireadh d’oibríochtaí tar éis an 3 Lúnasa 1954.
Cuirfear an plean maolúcháin sin faoi bhráid na n-údarás inniúil faoin 5 Feabhra 2027. Áireofar ann na príomh-gharspriocanna dá chur chun feidhme agus ar a laghad na heilimintí a leagtar amach i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VIII.