+Airteagal 26 Bearta maolúcháin
---+Airteagal 26 1
---+Airteagal 26 2
---+Airteagal 26 3
---+Airteagal 26 4
|
Airteagal 26 Bearta maolúcháin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 26 1
|
1. Ar bhonn an fhardail dá dtagraítear in Airteagal 25, déanfaidh na Ballstáit plean maolúcháin a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun dul i ngleic le hastaíochtaí meatáin ó mhianaigh ghuail dhúnta faoi thalamh agus ó mhianaigh ghuail thréigthe faoi thalamh inar scoireadh d’oibríochtaí tar éis an 3 Lúnasa 1954.
Cuirfear an plean maolúcháin sin faoi bhráid na n-údarás inniúil faoin 5 Feabhra 2027. Áireofar ann na príomh-gharspriocanna dá chur chun feidhme agus ar a laghad na heilimintí a leagtar amach i gCuid 3 d’Iarscríbhinn VIII.
|
|
Airteagal 26 2
|
2. Cuirfear toirmeasc ar scaoileadh agus bladhmadh ón trealamh dá dtagraítear in Airteagal 25(2) ón 1 Eanáir 2030, seachas i gcás nach bhfuil úsáid meatáin nó maolú astaíochtaí meatáin indéanta go teicniúil nó ina bhfuil riosca ann go gcuirfear sábháilteacht comhshaoil, sábháilteacht an duine, lena n-áirítear sábháilteacht an phearsanra, nó an tsláinte i mbaol leo. I gcás mar sin, mar chuid de na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 25, léireoidh oibreoirí mianaigh nó na Ballstáit an gá le scaoileadh nó bladhmadh in ionad an meatán a úsáid nó na hastaíochtaí meatáin a laghdú.
|
|
Airteagal 26 3
|
3. Ceadófar úsáid mhalartach a bhaint as mianaigh ghuail thréigthe faoi thalamh de réir nós imeachta ceadúcháin arna chur in oiriúint d’úsáid mhalartach an mhianaigh ghuail thréigthe faoi thalamh. Soláthróidh an t-iarratasóir do na húdaráis inniúla plean mionsonraithe beart chun astaíochtaí meatáin a sheachaint. Comhlíonfaidh sealbhóir an cheada na hoibleagáidí faireacháin, tuairiscithe agus maolúcháin faoi Airteagal 25 agus faoin Airteagal seo.
|
|
Airteagal 26 4
|
4. Gan dochar do dhlí earnáilsonrach is infheidhme an Aontais, i gcás mianaigh ghuail dhúnta faoi thalamh, ceadófar na cleachtais maolúcháin is fearr atá ann cheana chun astaíochtaí meatáin a laghdú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1787
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|