2. Cuirfear toirmeasc ar scaoileadh agus bladhmadh ón trealamh dá dtagraítear in Airteagal 25(2) ón 1 Eanáir 2030, seachas i gcás nach bhfuil úsáid meatáin nó maolú astaíochtaí meatáin indéanta go teicniúil nó ina bhfuil riosca ann go gcuirfear sábháilteacht comhshaoil, sábháilteacht an duine, lena n-áirítear sábháilteacht an phearsanra, nó an tsláinte i mbaol leo. I gcás mar sin, mar chuid de na hoibleagáidí tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 25, léireoidh oibreoirí mianaigh nó na Ballstáit an gá le scaoileadh nó bladhmadh in ionad an meatán a úsáid nó na hastaíochtaí meatáin a laghdú.