|
+Airteagal 28 6 |
Airteagal 28 66. Chun críocha mhír 5, pointe (b), leagfaidh an Coimisiún amach, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an nós imeachta agus na ceanglais maidir le fianaise atá le soláthar ag tríú tír chun coibhéis a shuíomh. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(3). Féadfar an nós imeachta chun coibhéis a shuíomh a thionscnamh arna iarraidh sin ag tríú tír nó ag an gCoimisiún. Rachaidh an Coimisiún i dteagmháil go gníomhach leis na tríú tíortha uile a onnmhairíonn amhola, gás nádúrtha nó gual chuig margadh an Aontais chun a gcomhaontú a fháil chun nós imeachta den sórt sin a thionscnamh, agus an chainníocht a allmhairítear ó na tríú tíortha sin agus a n-acmhainneacht chun a n-astaíochtaí meatáin a laghdú á gcur san áireamh. Ní bhunóidh an Coimisiún coibhéis, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme i gcás gach tríú tír ábhartha, ach amháin i gcás ina gcomhlíonann an tríú tír na coinníollacha uile a leagtar amach i mír 5, pointe (b), den Airteagal seo agus ina gcuirtear an fhianaise uile is gá ar fáil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(3) den Rialachán seo. Staonfaidh an Coimisiún ó ghníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh i gcás ina rachadh glacadh gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin timpeall ar bhearta sriantacha arna nglacadh faoi Airteagal 215 CFAE lena gcuirtear srian ar amhola, gás nádúrtha nó gual a allmhairiú. Féadfaidh an Coimisiún coibhéis a chúlghairm tráth ar bith, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, i gcás nach gcomhlíonann an tríú tír, sa dlí nó sa chleachtas, na coinníollacha a leagtar amach i mír 5, pointe (b), den Airteagal seo le linn tréimhse 12 mhí ar a laghad. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 35(3). Sula nglacfaidh sé an gníomh cur chun feidhme sin, tabharfaidh an Coimisiún fógra don tríú tír faoina ábhair imní agus tabharfaidh sé deis di a thuairimí a chur in iúl. Agus gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin dá dtagraítear sa mhír seo á n-ullmhú aige, cuirfidh an Coimisiún an Grúpa Comhordaithe le haghaidh táirgí ola agus peitriliam, arna bhunú le Treoir 2009/119/CE ón gComhairle (28), an Grúpa Comhordaithe Gáis, arna bhunú le Rialachán (AE) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29), agus an Grúpa Comhordaithe Leictreachais, arna bhunú ag an gCoimisiún, mar aon le geallsealbhóirí ábhartha eile, ar an eolas faoi. Tiocfaidh na gníomhartha cur chun feidhme sin i bhfeidhm tráth nach luaithe ná 30 lá féilire tar éis dháta a nglactha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|