8. Ón 4 Lúnasa 2024, i gcás inarb iomchuí agus faoi réir na nósanna imeachta is infheidhme, molfaidh an Coimisiún agus beidh sé mar aidhm aige go ndéanfaidh an tAontas creataí comhair le tríú tíortha óna n-allmhairíonn an tAontas amhola, gás nádúrtha nó gual chun tacú leo córas faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe a bhunú a bheidh coibhéiseach leis an gcóras a bhunaítear sa Rialachán seo. Ní mholfaidh an Coimisiún go ndéanfaí na creataí comhair sin i gcás ina rachadh na creataí sin timpeall ar bhearta sriantacha arna nglacadh faoi Airteagal 215 CFAE maidir le hallmhairiú amhola, gáis nádúrtha nó guail.