3. Faoin 5 Lúnasa 2026, ar bhonn na faisnéise atá ar fáil sa bhunachar sonraí trédhearcachta meatáin, foilseoidh an Coimisiún próifílí feidhmíochta meatáin na mBallstát agus tháirgeoirí nó allmhaireoirí an Aontais, de réir mar is infheidhme, a chuireann amhola, gás nádúrtha nó gual ar mhargadh an Aontais, chomh maith le próifílí feidhmíochta meatáin tríú tíortha óna n-allmhairíonn an tAontas amhola, gás nádúrtha nó gual agus próifílí feidhmíochta meatáin tháirgeoirí nó onnmhaireoirí tríú tíortha a sholáthraíonn amhola, gás nádúrtha nó gual don Aontas.