+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 2 1
---+Airteagal 2 2

Airteagal 2 Sainmhínithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 2 1

1.   Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘bonn sócmhainní rialála’ sócmhainní gréasáin oibreora córais tarchuir, oibreora córais dáileacháin, oibreora gréasáin tarchurtha hidrigine agus oibreora gréasáin dáilte hidrigine arna n-úsáid chun seirbhísí gréasáin rialáilte a sholáthar agus a chuirtear san áireamh agus ioncam seirbhíse a bhaineann leis an ngréasán á ríomh;

(2)

ciallaíonn ‘tarchur’ tarchur mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (17), de Threoir (AE) 2024/1788;

(3)

ciallaíonn ‘conradh iompair’ conradh a chuir an t-oibreoir córais tarchuir nó an t-oibreoir gréasáin hidrigine i gcrích le húsáideoir gréasáin d’fhonn seirbhísí iompair do ghás nádúrtha nó hidrigine a chur ar fáil;

(4)

ciallaíonn ‘acmhainn’ an sreabhadh uasta, arna shloinneadh i méadair chiúbacha in aghaidh an aonaid ama nó in aonad fuinnimh in aghaidh an aonaid ama, arb é an sreabhadh é a bhfuil an t-úsáideoir gréasáin i dteideal é a bheith aige nó aici i gcomhréir le forálacha an chonartha iompair;

(5)

ciallaíonn ‘acmhainn neamhúsáidte’ acmhainn dhocht a fuair úsáideoir gréasáin faoi chonradh iompair ach nár ainmnigh an t-úsáideoir roimh an spriocdháta a sonraíodh sa chonradh;

(6)

ciallaíonn ‘bainistiú ar phlódú’ bainistiú phunann acmhainne an oibreora córais tarchuir d’fhonn an úsáid optamach agus an úsáid uasta a bhaint as an acmhainn theicniúil agus brath tráthúil a dhéanamh ar na pointí plódúcháin agus sáithiúcháin amach anseo;

(7)

ciallaíonn ‘margadh tánaisteach’ margadh na hacmhainne a ndéantar trádáil uirthi seachas ar an margadh príomha;

(8)

ciallaíonn ‘ainmniúchán’ an tuairisciú a dhéanann an t-úsáideoir gréasáin chuig an oibreoir córais tarchuir maidir leis an sreabhadh iarbhír ar mian le húsáideoir gréasáin a instealladh isteach sa chóras nó a bhaint uaidh, sula ndéanfar instealladh den sórt sin nó an tarraingt siar sin;

(9)

ciallaíonn ‘ath-ainmniúchán’ an tuairisciú ar ainmniúchán ceartaithe, i ndiaidh ainmniúcháin;

(10)

ciallaíonn ‘sláine an chórais’ aon staid ina bhfanann brú agus cáilíocht an gháis nádúrtha nó na hidrigine laistigh de na teorainneacha íosta agus uasta, ionas go ráthaítear iompar an gháis nádúrtha nó na hidrigine ón taobh teicniúil;

(11)

ciallaíonn ‘tréimhse chothromúcháin’ an tréimhse ina bhfuil aistarraingt méid gáis nádúrtha nó hidrigine, arna shloinneadh in aonaid fuinnimh, le fritháireamh ag gach úsáideoir gréasáin tríd an oiread céanna gáis nádúrtha nó hidrigine a instealladh i gcomhréir leis an gcód gréasáin;

(12)

ciallaíonn ‘úsáideoir gréasáin’ úsáideoir gréasáin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (60), de Threoir (AE) 2024/1788;

(13)

ciallaíonn ‘seirbhísí in-idirbhriste’ seirbhísí a thairgeann an t-oibreoir córais tarchuir nó, i gcás inarb infheidhme, an t-oibreoir córais dáileacháin, nó an t-oibreoir gréasáin hidrigine i dtaca le hacmhainn in-idirbhriste;

(14)

ciallaíonn ‘acmhainn in-idirbhriste’ acmhainn tarchurtha gáis nádúrtha nó hidrigine a fhéadfaidh an t-oibreoir córais tarchuir nó, i gcás inarb infheidhme, an t-oibreoir córais dáileacháin, nó an t-oibreoir gréasáin hidrigine, a idirbhriseadh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa chonradh iompair;

(15)

ciallaíonn ‘seirbhísí fadtéarmacha’ seirbhísí a thairgeann an t-oibreoir córais tarchuir nó, i gcás inarb infheidhme, an t-oibreoir córais dáileacháin, nó an t-oibreoir gréasáin hidrigine ar bliain amháin nó níos faide a ré;

(16)

ciallaíonn ‘seirbhísí gearrthéarmacha’ seirbhísí a thairgeann an t-oibreoir córais tarchuir nó, i gcás inarb infheidhme, an t-oibreoir córais dáileacháin, nó an t-oibreoir gréasáin hidrigine ar giorra a ré ná bliain amháin;

(17)

ciallaíonn ‘acmhainn dhocht’ acmhainn tarchurtha agus dáilte gáis nádúrtha agus hidrigine ar ina leith, de réir conartha, a ráthaíonn an t-oibreoir córais tarchuir nó, i gcás inarb infheidhme, an t-oibreoir córais dáileacháin, nó an t-oibreoir gréasáin hidrigine go bhfuil sí do-idirbhriste;

(18)

ciallaíonn ‘seirbhísí dochta’ seirbhísí a thairgeann an t-oibreoir córais tarchuir nó, i gcás inarb infheidhme, an t-oibreoir córais dáileacháin, nó an t-oibreoir gréasáin hidrigine i dtaca le hacmhainn dhocht;

(19)

ciallaíonn ‘acmhainn theicniúil’ an acmhainn dhocht uasta ar féidir a thairiscint do na húsáideoirí gréasáin, agus sláine an chórais agus riachtanais oibríochtúla oibreoir an chórais tarchuir nó, i gcás inarb infheidhme, an t-oibreoir córais dáileacháin, nó an t-oibreoir gréasáin hidrigine á gcur san áireamh;

(20)

ciallaíonn ‘acmhainn chonarthach’ an acmhainn a leithdháileadh d’úsáideoir gréasáin trí bhíthin conartha iompair;

(21)

ciallaíonn ‘acmhainn atá ar fáil’ an chuid den acmhainn theicniúil nach bhfuil leithdháilte agus atá ar fáil i gcónaí ag an gcóras ag tráth áirithe;

(22)

ciallaíonn ‘plódú conarthach’ staid inar mó leibhéal na hacmhainne doichte ná an acmhainn theicniúil;

(23)

ciallaíonn ‘margadh príomha’ margadh na hacmhainne a dhéanann an t-oibreoir córais tarchuir nó, i gcás inarb infheidhme, an t-oibreoir córais dáileacháin, nó an t-oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine a thrádáil go díreach;

(24)

ciallaíonn ‘plódú fisiceach’ staid inar mó leibhéal an éilimh ar sheachadtaí iarbhír ná an acmhainn theicniúil ag tráth áirithe;

(25)

ciallaíonn ‘acmhainn saoráide GNL’ acmhainn a bheadh ag críochfort GNL do leachtú gáis nádúrtha nó d’allmhairiú, do dhí-ualú, do sheirbhísí coimhdeacha, do stóráil shealadach agus d’athghású GNL;

(26)

ciallaíonn ‘spás’ an toirt gáis nádúrtha nó hidrigine atá úsáideoir saoráide stórála i dteideal a úsáid chun gás nádúrtha nó hidrigine a stóráil;

(27)

ciallaíonn ‘inseachadtacht’ an ráta ag a bhfuil úsáideoir na saoráide stórála i dteideal gás nádúrtha nó hidrigin a aistarraingt as an tsaoráid stórála gáis nádúrtha nó as an tsaoráid stórála hidrigine;

(28)

ciallaíonn ‘in-instealltacht’ an ráta ag a bhfuil úsáideoir na saoráide stórála i dteideal gás nádúrtha nó hidrigin a instealladh isteach sa tsaoráid stórála gáis nádúrtha nó sa tsaoráid stórála hidrigine;

(29)

ciallaíonn ‘acmhainn stórála’ aon teaglaim spáis, in-instealltachta agus inseachadachta;

(30)

ciallaíonn ‘córas iontrála-scoir’ córas iontrála-scoir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (57), de Threoir (AE) 2024/1788;

(31)

ciallaíonn ‘crios cothromúcháin’ crios cothromúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (58), de Threoir (AE) 2024/1788;

(32)

ciallaíonn ‘pointe trádála fíorúil’ pointe trádála fíorúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (59), de Threoir (AE) 2024/1788;

(33)

ciallaíonn ‘pointe iontrála’ pointe iontrála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (61), de Threoir (AE) 2024/1788;

(34)

ciallaíonn ‘pointe scoir’ pointe scoir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (62), de Threoir (AE) 2024/1788;

(35)

ciallaíonn ‘acmhainn choinníollach’ acmhainn dhocht lena mbaineann coinníollacha trédhearcacha agus réamhshainithe maidir le rochtain a sholáthar amach as agus isteach sa phointe trádála fíorúil nó in-leithdháilteacht theoranta;

(36)

ciallaíonn ‘in-leithdháilteacht’ teaglaim lánroghnach aon acmhainn iontrála agus aon acmhainn scoir nó a mhalairt;

(37)

ciallaíonn ‘ioncam ceadaithe’ suim an ioncaim ó sheirbhísí tarchuir agus seirbhísí neamhtharchuir le haghaidh soláthar seirbhísí ag an oibreoir córais tarchuir ar feadh tréimhse shonrach ama laistigh de thréimhse rialála ar leith ar ioncam é a bhfuil an t-oibreoir córais tarchuir sin i dteideal a fháil faoi chóras caidhpe neamhphraghais agus a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 78(7), pointe (a), de Treoir (AE) 2024/1788;

(38)

ciallaíonn ‘sprioc-ioncam’ suim an ioncaim a bhfuiltear ag dréim léi ó sheirbhísí tarchuir arna ríomh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 17(1) agus suim an ioncaim ó sheirbhísí neamh-tharchuir a bhfuiltear ag dréim léi le haghaidh soláthar seirbhísí ag an oibreoir córais tarchuir ar feadh tréimhse shonrach ama laistigh de thréimhse rialála ar leith faoi chóras caidhpe praghais;

(39)

ciallaíonn ‘bonneagar nua’ bonneagar nár críochnaíodh faoin 4 Lúnasa 2003;

(40)

ciallaíonn ‘gás nádúrtha’ gás nádúrtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2024/1788;

(41)

ciallaíonn ‘gás in-athnuaite’ gás in-athnuaite mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Threoir (AE) 2024/1788;

(42)

ciallaíonn ‘córas gáis nádúrtha’ córas gáis nádúrtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Threoir (AE) 2024/1788;

(43)

ciallaíonn ‘córas hidrigine’ córas hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2024/1788;

(44)

ciallaíonn ‘saoráid stórála hidrigine’ saoráid stórála hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (5), de Threoir (AE) 2024/1788;

(45)

ciallaíonn ‘oibreoir stórála hidrigine’ oibreoir stórála hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (6) de Threoir (AE) 2024/1788;

(46)

ciallaíonn ‘críochfort hidrigine’ críochfort hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (8), den Treoir maidir le Gás(AE) 2024/1788;

(47)

ciallaíonn ‘oibreoir críochfoirt hidrigine’ oibreoir críochfoirt hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (9), de Threoir (AE) 2024/1788;

(48)

ciallaíonn ‘cáilíocht hidrigine’ cáilíocht hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Threoir (AE) 2024/1788;

(49)

ciallaíonn ‘hidrigin ísealcharbóin’ hidrigin ísealcharbóin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (11) de Threoir (AE) 2024/1788;

(50)

ciallaíonn ‘gás ísealcharbóin’ gás ísealcharbóin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12), de Threoir (AE) 2024/1788;

(51)

ciallaíonn ‘oibreoir córais tarchuir’ oibreoir córais tarchuir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Threoir (AE) 2024/1788;

(52)

ciallaíonn ‘gréasán píblínte réamhtheachtach’ gréasán píblínte réamhtheachtach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (16), de Threoir (AE) 2024/1788;

(53)

ciallaíonn ‘dáileadh’ dáileadh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (19), de Threoir (AE) 2024/1788;

(54)

ciallaíonn ‘oibreoir córais dáileacháin’ oibreoir córais dáileacháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (20) de Threoir (AE) 2024/1788;

(55)

ciallaíonn ‘gréasán hidrigine’ gréasán hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (21), de Threoir (AE) 2024/1788;

(56)

ciallaíonn ‘iompar hidrigine’ iompar hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (22), de Threoir (AE) 2024/1788;

(57)

ciallaíonn ‘gréasán tarchurtha hidrigine’ gréasán tarchurtha hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (23), de Threoir (AE) 2024/1788;

(58)

ciallaíonn ‘gréasán dáilte hidrigine’ gréasán dáilte hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (24), de Threoir (AE) 2024/1788;

(59)

ciallaíonn ‘oibreoir gréasáin hidrigine’ oibreoir gréasáin hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (25), de Threoir (AE) 2024/1788;

(60)

ciallaíonn ‘oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine’ oibreoir gréasáin tarchurtha hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (26), de Threoir (AE) 2024/1788;

(61)

ciallaíonn ‘oibreoir gréasáin dáilte hidrigine’ oibreoir gréasáin dáilte hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (27), de Threoir (AE) 2024/1788;

(62)

ciallaíonn ‘soláthar’ soláthar mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (28), de Threoir (AE)2024/1788;

(63)

ciallaíonn ‘saoráid stórála gáis nádúrtha’ saoráid stórála gáis nádúrtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (31), de Threoir (AE) 2024/1788;

(64)

ciallaíonn ‘oibreoir córais stórála gáis nádúrtha’ oibreoir córais stórála gáis nádúrtha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (32), de Threoir (AE) 2024/1788;

(65)

ciallaíonn ‘saoráid GNL’ saoráid GNL mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (33), de Threoir (AE) 2024/1788;

(66)

ciallaíonn ‘oibreoir córais GNL’ oibreoir córais GNL mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (34) de Threoir (AE) 2024/1788;

(67)

ciallaíonn ‘córas’ córas mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (35), de Threoir (AE)2024/1788;

(68)

ciallaíonn ‘seirbhísí coimhdeacha’ seirbhísí coimhdeacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (36) de Threoir (AE) 2024/1788;

(69)

ciallaíonn ‘idirnascaire’ idirnascaire mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (39), de Treoir maidir le Gás (AE)2024/1788;

(70)

ciallaíonn ‘idirnascaire hidrigine’ idirnascaire hidrigine mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (40), de Threoir (AE) 2024/1788;

(71)

ciallaíonn ‘úsáideoir córais’ úsáideoir córais mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (46), de Threoir (AE) 2024/1788;

(72)

ciallaíonn ‘custaiméir’ custaiméir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (47), de Threoir (AE)2024/1788;

(73)

ciallaíonn ‘custaiméir deiridh’ custaiméir deiridh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (50) de Threoir (AE) 2024/1788;

(74)

ciallaíonn ‘custaiméir mórdhíola’ custaiméir mórdhíola mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (51), de Threoir (AE) 2024/1788;

(75)

ciallaíonn ‘rialú’ rialú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (55), de Threoir (AE)2024/1788;

(76)

ciallaíonn ‘conradh fadtéarmach’ conradh fadtéarmach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (56) de Threoir (AE) 2024/…+;

(77)

ciallaíonn ‘pointe idirnaisc’ pointe idirnaisc mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (63), de Threoir (AE) 2024/1788;

(78)

ciallaíonn ‘pointe idirnaisc fíorúil’ pointe idirnaisc fíorúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (64), de Threoir (AE) 2024/1788;

(79)

ciallaíonn ‘rannpháirtí sa mhargadh’ rannpháirtí sa mhargadh mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (65) de Threoir (AE) 2024/1788;

(80)

ciallaíonn ‘idir-inoibritheacht’ idir-inoibritheacht mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (71), de Threoir (AE) 2024/1788;

(81)

ciallaíonn ‘bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’ bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37);

(82)

ciallaíonn ‘athrú cuspóra’ athrú cuspóra mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18), de Rialachán (AE) 2022/869;

(83)

ciallaíonn ‘gnóthas atá comhtháite go hingearach’ gnóthas atá comhtháite go hingearach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (43), de Threoir (AE) 2024/1788.

Airteagal 2 2

2.   Tá feidhm de réir analaí ag na sainmhínithe i mír 1, pointí (4) go (24), i ndáil le tarchur maidir le saoráidí stórála agus GNL.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.