+Airteagal 7 8

Airteagal 7 8

8.   Ón 1 Eanáir 2033, nó i gcás ina gcinnfidh Ballstát rochtain rialáilte tríú páirtí ar ghréasáin hidrigine a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 35 de Threoir (AE) 2024/1788 roimh an 1 Eanáir 2033, beidh feidhm ag Airteagal 17 den Rialachán seo maidir le taraifí le haghaidh rochtain ar ghréasáin hidrigine agus beidh feidhm maidir le hoibreoirí gréasáin hidrigine ag na hoibleagáidí ar oibreoirí córais tarchuir a leagtar amach in Airteagal 17(1), (2), (4) agus (5) den Rialachán seo. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 18 ná Airteagal 19 den Rialachán seo maidir le gréasáin hidrigine: Ní bheidh feidhm ag na hAirteagail sin ach amháin maidir le gréasáin gáis nádúrtha.

Rachaidh údaráis rialála i gcomhairle le húdaráis rialála na mBallstát atá nasctha go díreach agus leis na geallsealbhóirí ábhartha sula ndéanfaidh siad cinneadh ar an modheolaíocht chun taraifí rochtana ar an ngréasán hidrigine a shocrú i gcás na bpointí iontrála agus scoir ag pointí idirnaisc trasteorann idir na Ballstáit sin atá nasctha go díreach, lena n-áirítear i gcás aon phointí idirnaisc fíorúla. Cuirfidh na húdaráis rialála an mhodheolaíocht taraife shamhlaithe faoi bhráid ACER freisin. De mhaolú ar Airteagal 17, féadfaidh na húdaráis rialála a chinneadh gan aon taraifí rochtana ar an ngréasán hidrigine a ghearradh nó, nuair a leithdháiltear toilleadh trí cheantanna, na praghsanna cúltaca a shocrú ag nialas.

Agus an mhodheolaíocht á cinneadh chun taraifí rochtana gréasáin hidrigine a shocrú ag pointe idirnaisc idir Ballstáit, cuirfidh na húdaráis rialála lena mbaineann na prionsabail taraife dá dtagraítear in Airteagal 17(1), (2), (4) agus (5) i bhfeidhm agus cuirfidh siad toradh na gcomhairliúchán dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo i gcuntas, go háirithe toradh na gcomhairliúchán le húdaráis rialála na mBallstát atá nasctha go díreach, agus tionchar na dtaraifí roghnaithe um rochtain ar an ngréasán ar thrádáil trasteorann agus ar fheidhmiú an mhargaidh sna Ballstáit atá nasctha go díreach.

Féadfaidh údaráis rialála na mBallstát atá nasctha go díreach a iarraidh ar ACER tuairim fhíorasach a sholáthar ar an modheolaíocht chun taraifí rochtana ar an ngréasán hidrigine a shocrú nó praghsanna cúltaca a sholáthar do na pointí iontrála agus scoir ag pointí idirnaisc trasteorann idir na Ballstáit sin, i gcomhréir le hAirteagal 6(5) de Rialachán (AE) 2019/942. Cuirfidh ACER an Coimisiún ar an eolas dá réir sin, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le hAirteagal 6(6) de Rialachán (AE) 2019/942. Agus tuairim fhíorasach á tabhairt aige, déanfaidh ACER a mheasúnú agus aird chuí á tabhairt aige ar na prionsabail taraife dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus (2) den Airteagal seo.

Déanfar mionsonraí breise is gá chun an mhír seo a chur chun feidhme, go háirithe an nós imeachta comhairliúcháin trasteorann nó tuairim a iarraidh ar ACER, a shocrú i gcód gréasán a bhunaítear de bhun Airteagal 72(1).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.