+Airteagal 11 Prionsabail maidir le sásraí leithdháilte acmhainne agus nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú a bhaineann le saoráidí stórála gáis nádúrtha, críochfoirt hidrigine, saoráidí stórála hidrigine agus saoráidí GNL
---+Airteagal 11 1
---+Airteagal 11 2
---+Airteagal 11 3
|
Airteagal 11 Prionsabail maidir le sásraí leithdháilte acmhainne agus nósanna imeachta um bainistiú ar phlódú a bhaineann le saoráidí stórála gáis nádúrtha, críochfoirt hidrigine, saoráidí stórála hidrigine agus saoráidí GNL
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1
|
1. Cuirfear an t-uasmhéid acmhainne saoráide stórála gáis nádúrtha, saoráide GNL, saoráide stórála hidrigine nó críochfort hidrigine ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh, agus sláine agus oibriú an chórais á gcur i gcuntas.
|
|
Airteagal 11 2
|
2. Cuirfidh oibreoirí córais GNL, oibreoirí stórála hidrigine, oibreoirí críochfoirt hidrigine agus oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha chun feidhme agus foilseoidh siad sásraí neamh-idirdhealaitheacha trédhearcacha leithdháilte acmhainne, agus maidir leis na sásraí sin:
|
(a)
|
cuirfidh siad comharthaí iomchuí eacnamaíocha ar fáil maidir le húsáid éifeachtúil uasta na hacmhainne agus éascóidh siad infheistíochtaí i mbonneagar nua;
|
|
(b)
|
beidh siad comhoiriúnach le sásraí an mhargaidh, lena n-áirítear spotmhargaí agus moil trádála, agus beidh siad solúbtha agus beidh ar a gcumas, an tráth céanna, iad féin a chur in oiriúint d'imthosca margaidh atá i mbun forbartha; agus
|
|
(c)
|
beidh siad comhoiriúnach leis na córais idirnasctha um rochtain ar ghréasáin.
|
|
|
Airteagal 11 3
|
3. Áireofar bearta i gconarthaí GNL le haghaidh críochfort GNL, críochfort hidrigine, saoráidí stórála hidrigine agus saoráidí stórála gáis nádúrtha chun cnapaireacht acmhainne a chosc, trí na prionsabail seo a leanas a chur i gcuntas, a bhfuil feidhm le bheith acu i gcás plódú conarthach:
|
(a)
|
tairgfidh an t-oibreoir córais acmhainn neamhúsáidte ar an margadh príomha gan mhoill, agus, i gcás saoráidí stórála gáis nádúrtha, tairgfidh siad an acmhainn sin ar bhonn lá roimh ré agus ar bhonn in-idirbhriste ar a laghad;
|
|
(b)
|
féadfaidh úsáideoirí a n-acmhainn chonarthach a athdhíol ar an margadh tánaisteach.
|
|
(c)
|
faoin an 5 Feabhra 2026, áiritheoidh oibreoirí córais GNL, oibreoirí críochfoirt hidrigine, oibreoirí stórála hidrigine agus oibreoirí córais stórála gáis nádúrtha, ina n-aonar nó i gcomhpháirt le hoibreoirí eile den sórt sin, go mbeidh ardán áirithinte trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach ar fáil d’úsáideoirí saoráidí GNL, críochfort hidrigine, saoráidí stórála hidrigine agus saoráidí stórála gáis nádúrtha chun lamháil do na húsáideoirí sin a n-acmhainn chonarthach a athdhíol ar an margadh tánaisteach de bhun phointe (b).
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|