+Airteagal 33 Ceanglais trédhearcachta a bhaineann le hoibreoirí na gcóras tarchuir
---+Airteagal 33 1
---+Airteagal 33 2
---+Airteagal 33 3
---+Airteagal 33 4
---+Airteagal 33 5
---+Airteagal 33 6
---+Airteagal 33 7

Airteagal 33 Ceanglais trédhearcachta a bhaineann le hoibreoirí na gcóras tarchuir

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 33 1

1.   Poibleoidh oibreoir an chórais tarchuir faisnéis mhionsonraithe maidir leis an acmhainn agus na seirbhísí a bheidh á dtairiscint aige agus maidir leis na coinníollacha ábhartha a chuirfear i bhfeidhm, i dteannta na faisnéise teicniúla is gá le go mbeidh rochtain éifeachtach ar ghréasáin ag úsáideoirí gréasáin.

Airteagal 33 2

2.   Chun go n-áiritheofar go mbeidh taraifí trédhearcacha, oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha ann agus chun go n-éascófar úsáid éifeachtúil ghréasán an gháis nádúrtha, foilseoidh oibreoirí na gcóras tarchuir nó na húdaráis rialála ábhartha faisnéis atá réasúnta mionsonraithe agus atá mionsonraithe go leordhóthanach maidir le díorthú taraife, modheolaíocht taraife agus struchtúr taraife.

Airteagal 33 3

3.   Maidir leis na seirbhísí a sholáthraíonn siad, poibleoidh gach oibreoir an chórais tarchuir faisnéis faoi na hacmhainní teicniúla, faoi na hacmhainní conarthacha agus faoi na hacmhainní atá ar fáil, ar bhonn uimhriúil do na pointí ábhartha uile, lena n-áirítear na pointí iontrála agus na pointí scoir, ar bhonn rialta atrátha agus ar bhealach caighdeánaithe agus furasta a úsáid i gcomhréir leis na treoirlínte a leagtar síos in Iarscríbhinn I.

Airteagal 33 4

4.   Maidir le pointí ábhartha an chórais tarchuir a bhfuil an fhaisnéis ina leith le poibliú, formheasfaidh na húdaráis inniúla iad tar éis dul i gcomhairle le húsáideoirí gréasáin.

Airteagal 33 5

5.   Maidir leis an bhfaisnéis a cheanglaítear leis an Rialachán seo a thabhairt, nochtfaidh oibreoir an chórais tarchuir i gcónaí í ar bhealach atá ciallmhar, atá soiléir ar dhóigh fóinteach, inchainníochtaithe, inrochtana go héasca agus neamh-idirdhealaitheach.

Airteagal 33 6

6.   Poibleoidh oibreoir an chórais tarchuir faisnéis ex ante agus ex post a bhaineann le soláthar agus le héileamh, ar bhonn ainmniúchán agus leithdháiltí, réamhaisnéisí agus sreafaí réadaithe isteach sa chóras agus amach as an gcóras. Áiritheoidh an t-údarás rialála go gcuirfear an fhaisnéis sin go léir ar fáil don phobal. Léireoidh leibhéal mionsonraithe na faisnéise a phoibleofar an fhaisnéis atá ar fáil d’oibreoir an chórais tarchuir.

Poibleoidh oibreoir an chórais tarchuir na bearta a glacadh chomh maith leis na costais a tabhaíodh agus an t-ioncam a gineadh chun an córas a chomhardú.

Déanfaidh na rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann na sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo a sholáthar d’oibreoir an chórais tarchuir.

Airteagal 33 7

7.   Poibleoidh na hoibreoirí córais tarchuir faisnéis mhionsonraithe maidir le cáilíocht an gháis nádúrtha a iompraítear ina ngréasáin, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oibreoirí gréasáin, de bhun Airteagail 16 agus 17 de Rialachán (AE) 2015/703.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.