+Airteagal 40 Athruithe ar na príomhrialacha agus na nósanna imeachta i gcomhair eintiteas AE do OCDanna
---+Airteagal 40 1
---+Airteagal 40 2
---+Airteagal 40 3
---+Airteagal 40 4
---+Airteagal 40 5
---+Airteagal 40 6
---+Airteagal 40 7

Airteagal 40 Athruithe ar na príomhrialacha agus na nósanna imeachta i gcomhair eintiteas AE do OCDanna

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 40 1

1.   Beidh feidhm ag na príomhrialacha agus ag na nósanna imeachta le haghaidh eintiteas AE do OCDanna de bhun Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2019/943, freisin maidir leis na hoibreoirí córais dáileacháin a bhfuil córas gáis nádúrtha á n-oibriú acu agus maidir leis na hoibreoirí córais dáilte hidrigine.

Airteagal 40 2

2.   Beidh san áireamh ar an nGrúpa Comhairleora Straitéisigh dá dtagraítear in Airteagal 54(2), pointe (f), de Rialachán (AE) 2019/943, ionadaithe ar chomhlachtaí a dhéanann ionadaíocht ar oibreoirí córais dáileacháin Eorpacha a dhéanann córas gáis nádúrtha a oibriú nó oibreoirí gréasáin dáilte hidrigine Eorpacha.

Airteagal 40 3

3.   Faoin 5 Lúnasa 2025, cuirfidh eintiteas AE do OCDanna chuig an gCoimisiún agus chuig ACER dréacht-reachtanna nuashonraithe, lena n-áirítear cód iompair, liosta comhaltaí cláraithe, dréachtrialacha nuashonraithe maidir le nós imeachta, lena n-áirítear rialacha maidir le nósanna imeachta le haghaidh an chomhairliúcháin le ENTSO don Leictreachas, ENTSO don Ghás agus geallsealbhóirí eile, agus dréachtrialacha nuashonraithe airgeadais.

Leis na dréacht-rialacha nós imeachta nuashonraithe eintiteas AE do OCDanna, áiritheofar ionadaíocht chóir chothrom ar oibreoirí uile córais dáileacháin a bheidh rannpháirteach, lena n-áirítear na hoibreoirí sin a bhfuil córais gáis nádúrtha acu nó á n-oibriú acu, agus na hoibreoirí gréasáin dáilte hidrigine.

Airteagal 40 4

4.   Laistigh de 4 mhí ón lá a bhfaightear na doiciméid a chuirtear isteach de bhun mhír 3, tabharfaidh ACER tuairim don Choimisiún tar éis dó dul i gcomhairle le heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí uile, úsáideoirí córais dáileacháin go háirithe, lena n-áirítear custaiméirí.

Airteagal 40 5

5.   Laistigh de 3 mhí ón lá a bhfaightear an tuairim ó ACER, eiseoidh an Coimisiún tuairim ar na doiciméid a chuirtear isteach de bhun mhír 3, agus tuairim ACER dá dtagraítear i mír 4 á cur i gcuntas.

Airteagal 40 6

6.   Laistigh de 3 mhí ón lá a bhfaightear an tuairim fhabhrach ón gCoimisiún, déanfaidh na hoibreoirí córais dáileacháin a reachtanna leasaithe, rialacha nós imeachta agus rialacha airgeadais nuashonraithe eintiteas AE do OCDanna a ghlacadh agus a fhoilsiú.

Airteagal 40 7

7.   Cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin agus ACER na doiciméid sin dá dtagraítear i mír 3 i gcás ina ndéantar iad a athrú nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil. Féadfaidh an Coimisiún agus ACER tuairim a eisiúint i gcomhréir leis an bpróiseas a leagtar síos i míreanna 3, 4 agus 5.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.