+Airteagal 60 Plean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine
---+Airteagal 60 1
---+Airteagal 60 2
---+Airteagal 60 3

Airteagal 60 Plean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 60 1

1.   Cuimseofar samhaltú an ghréasáin chomhtháthaithe hidrigine, forbairt cásanna, tuar Eorpach ar leordhóthanacht soláthair agus measúnú ar stóinseacht an chórais sa phlean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine.

Leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine, déanfar an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

cur leis na pleananna maidir le forbairt gréasáin tarchurtha hidrigine náisiúnta mar a leagtar amach in Airteagal 55 den Treoir (AE) 2024/1788 agus Caibidil IV de Rialachán (AE) 2022/869;

(b)

maidir le hidirnaisc thrasteorann, cuirfear freisin le riachtanais réasúnacha na n-úsáideoirí gréasáin éagsúla agus déanfar gealltanais fhadtéarmacha ó infheisteoirí a chomhtháthú dá dtagraítear in Airteagal 55(7) de Threoir (AE) 2024/1788; agus

(c)

sainaithneofar bearnaí infheistíochta, go háirithe maidir leis na hacmhainní trasteorann is gá, chun na conairí tosaíochta le haghaidh hidrigine agus leictrealóirí dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I, a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/869 a chur chun feidhme.

Maidir leis an dara fomhír, pointe (c), féadfar athbhreithniú a chur mar iarscríbhinn leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine, is é sin, athbhreithniú ar na bacainní atá ar mhéadú acmhainn trasteorann an ghréasáin agus a eascraíonn as nósanna imeachta nó cleachtais formheasta éagsúla. Féadfaidh plean cuimsitheach a bheith ag gabháil leis an athbhreithniú sin, i gcás inarb iomchuí, chun bacainní den sórt sin a bhaint agus chun dlús a chur le cur chun feidhme na gconairí tosaíochta le haghaidh hidrigine agus leictrealóirí.

Airteagal 60 2

2.   Tabharfaidh ACER tuairim i dtaca leis na pleananna forbartha gréasáin tarchurtha hidrigine náisiúnta chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá siad i gcomhréir leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine. Má shainaithníonn ACER neamhréireachtaí idir plean forbartha gréasáin tarchurtha hidrigine náisiúnta agus an plean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine, molfaidh sí go ndéanfar an plean forbartha gréasáin tarchurtha hidrigine náisiúnta nó an plean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine a leasú de réir mar is iomchuí.

Airteagal 60 3

3.   Agus an plean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine á fhorbairt, oibreoidh ENNOH i gcomhar le ENTSO don Leictreachas agus le ENTSO don Ghás, go háirithe i dtaobh fhorbairt an mheasúnaithe costais is tairbhe ar an gcóras fuinnimh ar fad agus ar an margadh fuinnimh idirnasctha agus an tsamhail ghréasáin, lena n-áirítear an bonneagar iompair leictreachais, gáis nádúrtha agus hidrigine chomh maith le stóráil gáis nádúrtha, stóráil hidrigine, críochfoirt hidrigine agus GNL agus leictrealóirí dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2022/869, cásanna na bpleananna forbartha gréasáin 10 mbliana dá dtagraítear in Airteagal 12 den Rialachán sin, agus sainaithint bearnaí sa bhonneagar dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.