+Airteagal 60 1

Airteagal 60 1

1.   Cuimseofar samhaltú an ghréasáin chomhtháthaithe hidrigine, forbairt cásanna, tuar Eorpach ar leordhóthanacht soláthair agus measúnú ar stóinseacht an chórais sa phlean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine.

Leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine, déanfar an méid seo a leanas, go háirithe:

(a)

cur leis na pleananna maidir le forbairt gréasáin tarchurtha hidrigine náisiúnta mar a leagtar amach in Airteagal 55 den Treoir (AE) 2024/1788 agus Caibidil IV de Rialachán (AE) 2022/869;

(b)

maidir le hidirnaisc thrasteorann, cuirfear freisin le riachtanais réasúnacha na n-úsáideoirí gréasáin éagsúla agus déanfar gealltanais fhadtéarmacha ó infheisteoirí a chomhtháthú dá dtagraítear in Airteagal 55(7) de Threoir (AE) 2024/1788; agus

(c)

sainaithneofar bearnaí infheistíochta, go háirithe maidir leis na hacmhainní trasteorann is gá, chun na conairí tosaíochta le haghaidh hidrigine agus leictrealóirí dá dtagraítear i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I, a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/869 a chur chun feidhme.

Maidir leis an dara fomhír, pointe (c), féadfar athbhreithniú a chur mar iarscríbhinn leis an bplean forbartha gréasáin uile-Aontais le haghaidh hidrigine, is é sin, athbhreithniú ar na bacainní atá ar mhéadú acmhainn trasteorann an ghréasáin agus a eascraíonn as nósanna imeachta nó cleachtais formheasta éagsúla. Féadfaidh plean cuimsitheach a bheith ag gabháil leis an athbhreithniú sin, i gcás inarb iomchuí, chun bacainní den sórt sin a bhaint agus chun dlús a chur le cur chun feidhme na gconairí tosaíochta le haghaidh hidrigine agus leictrealóirí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.