+Airteagal 66 Ceanglais trédhearcachta a bhaineann le hoibreoirí gréasáin hidrigine
---+Airteagal 66 1
---+Airteagal 66 2
---+Airteagal 66 3
---+Airteagal 66 4
---+Airteagal 66 5
---+Airteagal 66 6
---+Airteagal 66 7
---+Airteagal 66 8

Airteagal 66 Ceanglais trédhearcachta a bhaineann le hoibreoirí gréasáin hidrigine

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 66 1

1.   Poibleoidh an t-oibreoir gréasáin hidrigine faisnéis mhionsonraithe maidir leis na seirbhísí a bhíonn á dtairiscint aige agus maidir leis na coinníollacha ábhartha a chuirfear i bhfeidhm, i dteannta na faisnéise teicniúla is gá le go mbeidh úsáideoirí gréasáin hidrigine in ann rochtain éifeachtach ar ghréasáin a fháil.

Airteagal 66 2

2.   Chun go n-áiritheofar go mbeidh taraifí trédhearcacha oibiachtúla neamh-idirdhealaitheacha ann agus chun go n-éascófar úsáid éifeachtúil an ghréasáin hidrigine ón 1 Eanáir 2031, foilseoidh oibreoirí gréasáin hidrigine nó na húdaráis rialála ábhartha faisnéis iomlán maidir le díorthú, modheolaíocht agus struchtúr taraife.

Airteagal 66 3

3.   Cuirfidh na hoibreoirí gréasáin hidrigine faisnéis mhionsonraithe ar fáil don phobal maidir leis an hidrigin a iompraítear ina ngréasáin, rud a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’úsáideoirí gréasáin.

Airteagal 66 4

4.   Maidir le pointí ábhartha gréasáin hidrigine a bhfuil an fhaisnéis ina leith le poibliú, formheasfaidh na húdaráis inniúla iad tar éis dul i gcomhairle le húsáideoirí gréasáin hidrigine.

Airteagal 66 5

5.   Maidir leis an bhfaisnéis a cheanglaítear leis an Rialachán seo a thabhairt, nochtfaidh na hoibreoirí gréasáin hidrigine i gcónaí í ar bhealach atá fóinteach, soiléir ar dhóigh inchainníochtaithe, inrochtana go héasca agus neamh-idirdhealaitheach.

Airteagal 66 6

6.   Cuirfidh na hoibreoirí gréasáin hidrigine faisnéis soláthair agus éilimh ex ante agus ex post ar fáil don phobal, lena n-áirítear tuar tréimhsiúil agus faisnéis thaifeadta. Áiritheoidh an t-údarás rialála go gcuirfear an fhaisnéis sin go léir ar fáil don phobal. Léireoidh leibhéal mionsonraithe na faisnéise a chuirfear ar fáil don phobal an fhaisnéis atá ar fáil don oibreoir gréasáin hidrigine.

Airteagal 66 7

7.   Déanfaidh na rannpháirtithe sa mhargadh lena mbaineann na sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo a sholáthar don oibreoir gréasáin hidrigine.

Airteagal 66 8

8.   Maidir le mionsonraí breise is gá chun na ceanglais trédhearcachta ar oibreoirí gréasáin hidrigine a chur chun feidhme, lena n-áirítear mionsonraí breise ar ábhar, minicíocht agus foirm an tsoláthair faisnéise ag oibreoirí gréasáin hidrigine, leagfar síos na mionsonraí sin i gcód gréasáin a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 72(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.07.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1789
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.